Measúnú Ar Riachtanais Tithíochta 2024

Image of City Hall

De réir Alt 21 den Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 agus Alt 6 den Acht Tithíochta (Cóiríocht do Thaistealaithe) 1998, tá treoir faighte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tabhairt faoi Mheasúnú ar Riachtanais Tithíochta i 2024.

Beidh an Chomhairle ag scríobh chuig iarratasóirí áirithe atá ar an liosta feithimh tithíochta faoi láthair chun athmheasúnú a dhéanamh ar a gcáilitheacht do thacaíocht tithíochta. Ní mór do gach iarratasóir gach ceist sa chomhfhreagras seo a fhreagairt. Ba chóir an fhoirm chomhlánaithe agus gach doiciméad riachtanach a chur ar ais chuig an Aonad Tithíochta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, roimh an 25 Iúil 2024.

Mura bhfaightear freagra iomlán uait roimh an dáta sin, dúnfaidh an t-údarás áitiúil d’iarratas ar thacaíocht tithíochta.

Má tá aon cheist agat, nó má tá cabhair ag teastáil uait chun an Measúnú ar Riachtanais Tithíochta a chomhlánú, cuir glao ar aon cheann díobh seo a leanas:

·       An tAonad Tithíochta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh 091 536400

·       Ionad Lae COPE na Gaillimhe, Bóthar Shéamais Uí Chuirc, An Caisleán Nua, Gaillimh, 091 525259

·       COPE Seirbhísí Clainne na Gaillimhe, Teach Calbro, Bóthar Thuama, Gaillimh, 091 527571

·       Pobal Simon na Gaillimhe, 11 Ionad Bóthar Sheáin Uí Mhaoilbhuaidh, Bóthar Sheáin Uí Mhaoilbhuaidh, Gaillimh, 091 381828

·       Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe, 1 An Plaza, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh, 091 765390

·       Ionad Comhairle Threshold na Gaillimhe, 5 Cnoc na Radharc, Gaillimh, 1800 454 454

·       Seirbhís na Gaillimhe d’Imircigh, 3 An Plaza, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh, 091 773466.