Taobh Thiar - Os Comhair: C-D: Dennis McGannon (Callinan Coaches), Kathy O’Donnell (Ianróid Éireann), Paul Quinn (Comhairle Cathrach na Gaillimhe), Michael Madden (Comhairle Cathrach na Gaillimhe), Theo McLoughlin (Comhairle Cathrach na Gaillimhe), Tommy Callinan (Callinan Coaches), Leas Mhéara na Gaillimhe Cllr Níall McNelis, Patrick Greene (Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary (Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe), Cllr Eibhlin Seoigthe, Michelle Fahy (Comhairle Cathrach na Gaillimhe)
Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go mbeidh seirbhís bhliantúil Páirceáil agus Taisteal aimsir na Nollag á rith ón Ráschúrsa go Stáisiún na mBusanna i bhFaiche an Aonaigh ó Dé Sathairn, an 14 Nollaig go dtí Dé Máirt, an 24 Nollaig. Beidh na busanna ag rith gach 15 nóiméad sa dá threo ó Luan go Satharn idir 9.30a.m agus 9.15i.n. Ar an Domhnach, beidh an tseirbhís á rith gach 15 nóiméad idir 11.00a.m. agus 7.00i.n. agus gach 30 nóiméad idir 7.00i.n. agus 9.15i.n.
€1 an duine an táille ar gach turas singil, tugtar suíochán saor in aisce do leanaí agus do phinsinéirí. Isteach leis an táille bus, tá cead páirceála ar feadh an lae ag an ráschúrsa. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag na naisc thíos:
www.GalwayCity.ie/PairceailAgusTaistil
Ag tagairt do sheirbhís Páirceáil agus Taisteal na Nollag, deir Brendan Gallagher, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach le Comhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tugann an tseirbhís iontach seo deis an carr a fhágáil i do dhiaidh agus taisteal isteach go dtí an chathair agus amach arís ag déanamh do chuid siopadóireachta, ag ithe béile, ag dul chuig Margadh na Nollag nó ag ócáid nó ionad eile, gan strus ar bith maidir le páirceáil ná brú tráchta. Gach carr a fhágtar ag an Ráschúrsa, is carr é nach bhfuil ag cur leis an trácht ná le hastaíocht i gCathair na Gaillimhe i rith thréimhse ghnóthach na Nollag. Tá buíochas speisialta ag dul dár gcuid páirtnéirí - Stáisiún na mBusanna i bhFhaiche an Aonaigh, an Ráschúrsa agus Callinan Coaches - as cuidiú linn an tseirbhís fhónta seo a chur ar fáil.”
Mar a chéile le blianta eile roimhe seo, beidh an tseirbhís Páirceáil agus Taisteal á rith an tráth céanna le seirbhísí iompair inbhuanaithe eile agus páirceáil saor in aisce á thairiscint ag Iarnród Éireann ag Stáisiún Bhaile Átha an Rí i rith mhí na Nollag, agus lascaine 20 % ar na táillí uilig chomh maith le táille €6.00 as Órán Mór go Gaillimh ar Thicéad Fillte Aon Lá Amháin ó Dé Domhnaigh, an 1 Nollag.