Glao ar Chaiféanna i gCathair na Gaillimhe

Cafe Lates Logo

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tionscnamh “Café Lates” a fhógairt, tionscnamh píolótach deontais atá ceaptha chun cultúr bríomhar éagsúil caiféanna déanacha a chothú. Iarraimid ar chaiféanna áitiúla atá lonnaithe i lár chathair na Gaillimhe agus i mBóthar na Trá iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun cláir chultúrtha mhealltacha a thabhairt isteach tar éis 6pm, idir Meán Fómhair agus 10ú Samhain 2024.

Tá cathair na Gaillimhe ar cheann de naoi gcathair phíolótacha ar fud na tíre atá ag cuidiú go gníomhach le geilleagar oíche na hÉireann a chothú, agus mar sin de tá sí tiomanta d'fheabhas a chur ar an méid atá ar fáil sa chathair tar éis 6 p.m. Beidh na haidhmeanna seo a leanas ag an tionscnamh "Café Lates", ar tionscnamh é atá ina fhreagairt dhíreach ar ár gcomhairliúchán poiblí:

  • Éagsúlacht a bheith ann ó thaobh siamsaíocht oíche de: roghanna maidir le dul amach tráthnóna a leathnú chun áiteanna seachas na hionaid thraidisiúnta a chumhdach, agus eispéireas feabhsaithe a chur ar fáil do chónaitheoirí, oibrithe agus cuairteoirí
  • Borradh a chur faoin nGeilleagar: Líon na gcustaiméirí a mhéadú agus cur le hioncam na gcaiféanna sa tráthnóna.

Ar na cineálacha clár atá beartaithe agus a spreagtar tá idir thaibhithe beo ó bhannaí áitiúla agus cluthar-seiteanna acústacha agus seiteanna ó DJanna. Filíocht agus an focal labhartha, coiméide, clubanna leabhar, ceardlanna, ócáidí blaiste agus oícheanta téama. Spreagaimid freisin cláir a thaitníonn le lucht féachana óg, agus spás fáilteach agus ionchuimsitheach do chách á chruthú iontu.

An Maoiniú Deontais atá ar Fáil

Leis an deontas “Café Lates” is féidir na costais seo a leanas a chumhdach:

  • Táillí Ealaíontóirí
  • Trealamh a fháil ar Cíos
  • Costais Eile a bhaineann le Cláir chultúrtha a thabhairt isteach

Sonraí an Deontais:

  • Deontas Íosta: €500
  • Uasdeontas: €2,000
  • Cáilitheacht: Tá caiféanna i Lár Chathair na Gaillimhe agus Bóthar na Trá i dteideal iarratas a dhéanamh.
  • Réimse ama: Ó 6 pm, Meán Fómhair - 10ú Samhain.

Conas Iarrtas a Chur Isteach:

Chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú íoslódáil na treoirlínte agus an fhoirm iarratais thíos:

Treoirlínte

Foirm Iarratais

Sprioc-am le haghaidh iarratas: 25 Iúil
Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil le: c&c@galwaycity.ie Líne ábhair: NTE Café Lates.