Foilsíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe Tuairisc ar Bhearna Phá idir na Fir agus na Mná 2024

Nine people

D’fhoilsigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe a dTuairisc ar Bhearna Phá idir na Fir agus na Mná inniu, ina leagtar béim ar an gcéatadán de dhifríocht idir an méid a íoctar d’fhir agus do mhná ar an meán san eagraíocht, beag beann ar róil nó leibhéil. 

Léiríonn tuairisc 2024 Bearna Phá idir na Fir agus na Mná de -0.82% Meán agus -13.67% Airmheán. 

Tuairiscíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe bearna phá idir na fir agus na mná diúltach a léiríonn go bhfuil róil le pá níos airde ag mná ar an meán ná ag fir. 

Ceanglaítear ar fhostóirí a bhfuil níos mó ná 150 fostaí acu in Éirinn a gcuid sonraí bearna phá idir na fir agus na mná a fhoilsiú roimh dheireadh 2024 agus laistigh de shé mhí ón dáta tagartha. Roghnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus gach údarás áitiúil sa tír 30 Meitheamh 2024 mar an dáta tagartha. 

Cuidíonn foilsiú ár sonraí bearna phá idir na fir agus na mná lenár bhfócas ar thacú le hionad oibre oscailte agus cuimsitheach i gComhairle Cathrach na Gaillimhe a threisiú. Is áit í ár n-eagraíocht ina bhfuil na deiseanna céanna aitheantais agus forbartha gairme ag gach fostaí agus ina gcaitear go cothrom leo san obair. Leanaimid de bheith tiomanta aghaidh a thabhairt ar bhacainní san ionad oibre ar chomhionannas agus pobal oibre oscailte cuimsitheach a chruthú. Tá go leor tionscnamh agus tacaíochtaí comhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe i bhfeidhm cheana féin, agus leanfaimid orainn ag obair sa réimse seo. 

Féach tuairisc na Comhairle ar Bhearna phá idir na Fir agus na Mná.

Tugann obair sa rialtas áitiúil deis do dhaoine ról lárnach a bheith acu i bhforbairt dhearfach a gcontae agus a bpobal. Mar fhostóir, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do thimpeallacht dhearfach thacúil a sholáthar d’fhostaithe. Tairgeann an Chomhairle socruithe solúbtha agus cairdiúil don teaghlach, obair chumaisc, dul chun cinn gairme agus deiseanna oideachais. 

Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin www.GalwayCity.ie  agus www.LocalGovernmentJobs.ie chun tuilleadh a fháil amach faoin obair a dhéanaimid.