Fógraítear na healaíontóirí do chlár nua cónaitheachta dírithe ar chaighdeán an aeir agus ar thruailliú

Image of the four artists selected for the residency

D’fhógair Ionad Ealaíne na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, inniu (25.11.24) trí choimisiún ealaíne a bhronnadh faoi chlár nua d’ealaíontóirí cónaithe. Cuidíonn an clár seo le healaíontóirí caidreamh a chothú leis an bpobal ar Thaobh Thiar Chathair na Gaillimhe agus beart cruthaitheachta a dhéanamh mar gheall ar thaighde eolaíochta maidir le caighdeán an aeir agus cúrsaí aeráide a dhéanann muintir na háite agus eolaithe aeráide as Ollscoil na Gaillimhe. 

Tá clár na dtréimhsí cónaitheachta d’ealaíontóirí croílárnach sa tionscnamh ‘The Air We Share’ do bheartaíocht i gcomhar i ndáil leis an aeráid a seoladh i mí Iúil 2024. Faoin tionscnamh sin, déantar na cúiseanna le truailliú aeir, an toradh a bhíonn ar thruailliú aeir agus seifteanna a d’fhéadfadh truailliú aeir a leigheas a scrúdú agus a chur i láthair go soiléir. Le bearta ealaíne, eolaíocht an tsaoránaigh agus gníomh an phobail ar an Taobh Thiar de chathair na Gaillimhe, féachtar le tuiscint níos fearr a chothú i measc an phobail ar an aer agus ag an tábhacht rímhór atá leis i dtimpeallacht an uile dhuine. 

Ag teacht leis na haidhmeanna sin, tugtar coimisiún do na healaíontóirí a roghnaíodh le tograí ealaíne den nuálaíocht agus den chomhar a thabhairt chun cinn lena ndéantar coincheapanna eolaíochta agus sonraí faoi chaighdeán an aeir, faoin atmaisféar agus faoin aeráid a mhíniú agus a léiriú. Tá cistí á mbronnadh orthu lena gcuid tograí a fhorbairt idir seo agus mí Iúil 2025, tráth a mbeidh na saothair ealaíne á gcur os comhair an phobail. 

Is iad na healaíontóirí a roghnaíodh:

  • Leon Butler: Is cumar idir an ealaín agus an teicneolaíocht an togra Phosphene le Leon Butler, ealaíontóir as Gaillimh, ionas gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint as sonraí faoi chaighdeán an aeir. Trí úsáid a bhaint as braiteoirí chun sonraí den sórt sin a thabhairt chun aire agus a mhíniú, cruthóidh Butler “dealbha sonraí” a léiríonn ar chuma nua gnéithe sláinte de cheantar foirgníochta na Gaillimhe. Tugtar cuireadh do mhuintir an cheantair páirt a ghlacadh i seisiúin dearthóireachta d’fhonn an chuma ina gcuirtear sonraí faoin aer i láthair a mhúnlú ionas go mbíonn gnéithe de chaighdeán an aeir ar iondúil iad dofheicthe ina ábhar spéisiúil intuigthe ag cách.

  • Christopher Steenson: Leis an togra I talk to the wind cíorann Christopher Steenson truailliú an aeir trí tharraingt anála. Beidh siúlóid fuaime ina chuid den saothar seo, sonraí faoi thruailliú an aeir le cloisteáil beo, chomh maith le ceardlanna pobail ag a bpléitear a bhfuil i ndán maidir leis an aeráid trí phlé agus scríbhneoireacht. Trí leas a bhaint as sonraí faoi chaighdeán an aeir i nGaillimh, ábhar léargais ón lucht eolaíochta, agus smaointe a thagann chun cinn ag ceardlanna pobail, cruthóidh togra Steenson ceangal idir na rannpháirtithe agus a gciallaíonn truailliú an aeir i ndáiríre chomh maith leis an tionchar a bhíonn aige ar ghnáthshaol an lae tríd an aer céanna a bheith á análú ag na daoine. 

  • a place of their own (Paula McCloskey agus Sam Vardy): Sa saothar ealaíne agus spásúlachta ‘a place of their own’, feictear Gaillimh sa bhliain 2054 le grúpaí feithidí, deannaigh, miocrób, agus nithe eile a mhaireann san aer, agus cearta nua aeir á ndréachtadh acu:  The 9 Freedoms for the Air. Cíortar sa tionscadal seo an t-eolas agus na scéalta atá ag nithe micreascópacha san atmaisféar agus ceaptar samhail dá bhféadfadh a bheith i ndán i nGaillimh. Trí pháirt a ghlacadh i gceardlanna, oibreoidh muintir na háite le lucht eolaíochta agus saineolaithe faoi dhlí na timpeallachta i mbun saothar teicstíle meithle a chruthú lena ndéantar athshamhlú ar an aer mar shócmhainn do na neacha agus na nithe uile is fiú a chosaint.

Le ‘The Air We Share’, tugtar le chéile cuibhreannas de pháirtnéirí áitiúla, faoi stiúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ina measc Ionad Ealaíne na Gaillimhe, Ionad Theicneolaíocht na Cruthaitheachta agus Ionad Staidéir na hAeráide, Thruailliú an Aeir in Ollscoil na Gaillimhe agus Insight SFI Centre for Data Analytics, Ionad Acmhainní an Taoibh Thiar, agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe. Beidh teacht ag na healaíontóirí i rith na dtréimhsí cónaitheachta ar áiseanna, ar chúnamh agus ar acmhainní Ionad Ealaíne na Gaillimhe, Ollscoil na Gaillimhe agus Ionad Acmhainní an Taoibh Thiar.

Dúirt Megs Morley, Stiúrthóir agus Coimeádaí Ionad Ealaíne na Gaillimhe:  “Tar éis gairm scoile oscailte agus próiseas roghnúcháin ardiomaíochta, is breá linn na healaíontóirí a fhógairt atá roghnaithe do thréimhsí cónaitheachta d’ealaíontóirí faoin gclár ‘The Air We Share’ . I gcomhthéacs na ndeacrachtaí atá le sárú faoi láthair ag an bpobal i gcoitinne maidir le cúrsaí aeráide, tá buntábhacht le cláir de leithéid ‘The Air We Share’, trína dtugtar le chéile lucht ealaíne, lucht eolaíochta, an pobal, forais phoiblí agus eagraíochtaí cultúir, maidir leis an tuiscint ar na ceisteanna atá le réiteach agus ar na modhanna chuige sin. 

“Tá taithí mhór ar shaothrú na healaíne ag na healaíontóirí a roghnaíodh a chuirfidh go mór leis an gclár ‘The Air We Share’. I rith na míonna seo chugainn, beidh tionscadail spéisiúla ilghnéitheacha á bhforbairt acu lena gcíorfar modhanna tuisceana nua maidir le foinsí agus torthaí thruailliú an aeir, chomh maith leis na bearta is féidir a dhéanamh chun athrú chun sochair a spreagadh i measc an tslua.”

Deir Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Cuireann clár na dtréimhsí cónaitheachta d’ealaíontóirí cruthaitheacht i gceartlár ‘The Air We Share’, tionscnamh claochlaitheach maidir le gníomh ar son na haeráide a bhfuil an téama ‘An Dofheicthe a dhéanamh Sofheicthe’ ina réalt eolais ina leith ionas go ndírítear aird ar thruailliú an aeir mar bhagairt faoi leith don tsláinte sa timpeallacht.

“Trí oibriú in éineacht le tionscnamh Net Zero Cities an AE, tagann polasaithe aeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi anáil ‘The Air We Share’ agus, trí rannpháirtíocht an phobail, féachtar le hathrú cultúir agus gnáis a spreagadh i ndáil le gníomh ar son na haeráide atá bunaithe ar chothromaíocht, ar chomhar oibre agus ar athrú chun sochair. Is cúis ríméid againne, príomhpháirtnéir an tionscadail, treisiú leis na healaíontóirí i mbun bhearta a spreagann an pobal a fhorbairt agus táthar ag tnúth leis na bearta cruthaitheachta a fheiceáil agus a aireachtáil an samhradh seo chugainn.”

Faigheann ‘The Air We Share’ maoiniú faoi Chiste na mBeart Cruthaitheachta i leith na hAeráide, tionscnamh a thagann faoi Chlár Éire Ildánach, le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Treisíonn an ciste le tionscadail cruthaitheachta, cultúir agus ealaíne trína gcothaítear tuiscint ar athrú aeráide agus trína gcuirtear ar chumas na saoránach athrú gnáis a thabhairt i bhfeidhm ar a mbíonn toradh fónta.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, féach theairweshare.ie.