FÓGRA MAIDIR LE BREITHNIÚ AR FHACHTÓIR COIGEARTAITHE ÁITIÚIL A SHOCRÚ

NOTICE OF CONSIDERATION OF SETTING A LOCAL ADJUSTMENT FACTOR

Déantar foráil shonrach in Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (leasú) ionas gur féidir le comhaltaí tofa údaráis áitiúil rún áitiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúil dá gceantar riaracháin a athrú bunaithe ar chéatadán ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil. Ag cruinniú socraithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun an ní seo a bhreithniú, féadfaidh na comhaltaí fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de raon +/- 15% den bhunráta, nó, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan an bunráta a choigeartú.

 

Buailfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le chéile i mí Meán Fómhair 2024 chun breithniú a dhéanamh ar fhachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú.

 

Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal maidir leis an ní seo a chlúdaíonn go sonrach na héifeachtaí ionchasacha a bheadh ag bunráta na Cánach Maoine Áitiúil a athrú ar ghnóthaí, daoine aonair agus seirbhísí údaráis áitiúil.

 

Ní mór go mbeadh aighneachtaí faighte faoi 5pm, de Luain, an 9 Mean Fomhair 2024, agus ní mór iad a sheoladh chuig:

Aighneachtaí na Cánach Maoine Áitiúil

An Roinn Airgeadais

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Halla na Cathrach

Bóthar an Choláiste

Gaillimh

 

 

lpt@galwaycity.ie

 

Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.galwaycity.ie

 

 

 

Sínithe:           Leonard Cleary  

Príomhfheidhmeannach Eatramhach

Comhairle Cathrach na Gaillimhe