Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh mhaoiniú €3.8 milliún d'Athchóiriú Amharclann Oileán Altanach

Galway City Council Welcomes €3.8 million Funding for Nun’s Island Theatre Renovation

Tá fáilte curtha ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, roimh dhámhachtain €3.8 milliún chun Amharclann Oileán Altanach a athchóiriú agus chun athchóiriú iomlán a dhéanamh ar Theach na hEaglaise folamh ar chúl an tsuímh, faoin scéim EU Town Centre First Heritage Revival (THRIVE). Nascfaidh an tionscadal an dá fhoirgneamh, rud a chruthóidh ionad cruthaitheach ilchuspóireach nua d'earnáil na n-ealaíon, darb ainm 'CreativeSpace'. Maoinítear THRIVE faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair.

Chuir an Méara Keane fáilte roimh an ngradam, agus dúirt sé, "Tá ríméad orm fáilte a chur roimh an maoiniú seo d'Amharclann Oileán Altanach, a thabharfaidh úsáid níos gníomhaí mar ionad cruthaitheach do mhuintir na Gaillimhe ar shuíomh lár na cathrach a bhfuil an-ghean air ach nach bhfuil mórán úsáide as. Aithníodh i gcomhairliúchán poiblí a rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar leis an UrbanLab in Ollscoil na Gaillimhe go raibh daoine ag iarraidh spás ilfheidhmeach a fheiceáil, a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh cleachtaí, stiúideonna, cruinnithe, imeachtaí agus riaracháin. Tá lúcháir orm a fheiceáil go dtiocfaidh a n-aiseolas ar an saol leis an maoiniú seo trí Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair (NWRA)".

 

Cuirfidh CreativeSpace spás cleachtaidh agus taibhithe ar fáil do phobal ealaíne na Gaillimhe agus cuirfidh sé an t-ionad chun cinn mar spás d'obair nuálach agus thurgnamhach ó chomhlachtaí, ó dhaoine aonair agus ó phobail mhionlaigh atá ag teacht chun cinn i nGaillimh.

 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, "Is é aidhm fhadtéarmach choincheap CreativeSpace ná dlús chur le seasamh Ionad Ealaíon na Gaillimhe mar phríomhacmhainn d'ealaíontóirí. Bainfear é seo amach trí amharclannaíocht Oileáin Altanaigh a chur chun cinn mar spricionad  do chompántais amharclannaíochta agus taibhithe atá ag teacht chun cinn; trí spás a chur ar fáil ar rátaí inacmhainne chun cur ar chumas ealaíontóirí na Gaillimhe a dtionscadail a thabhairt chun stáitse; agus trí ealaíontóirí amaitéaracha a chothú trínár gclár cuimsitheach faoi stiúir an aosa óig. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an NWRA agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta as a gcuid oibre chun an maoiniú seo a fháil do Chathair na Gaillimhe".

 

Tógadh Amharclann Oileán Altanach thart ar 1835 agus is iar-Eaglais Phreispitéireach í. Droim ar dhroim le cúl na hAmharclainne tá Teach an Teampaill, ar a dtugtar 'The Manse' freisin. Tógadh Teach an Teampaill idir 1855 agus 1872 agus bhí sé ina theach d'airí éagsúla na heaglaise ar dtús.

 

Le blianta beaga anuas, baineadh úsáid as an suíomh mar spás do na healaíona i nGaillimh, ag óstáil Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon Babaró do Leanaí, agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe. 

 

Cuirfidh an tionscadal CreativeSpace luachanna agus prionsabail oibre an Bauhaus Nua Eorpaigh chun cinn – tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh – lena gcinnteofar go mbeidh an tionscadal inbhuanaithe, taitneamhach ó thaobh aeistéitiúla de, cuimsitheach agus inrochtana.

 

THRIVE á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann (40%) agus ag an Aontas Eorpach (60%) faoi Chlár Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair 2021-2027. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair www.nwra.ie