DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 – Airteagal 12 Fógra Rúin - Sráid an Gheata Bhig

TEMPORARY CLOSING OF ROADS Roads Act 1993 – Section 75 Roads Regulations 1994 - Article 12 Notice of Intention - New Street West

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndunfar:-

Sráid an Gheata Bhig: Ó acomhal Bóthar Shandair go dtí acomhal Sráid an Gheata Bhig (ar aghaidh Sally Longs).

Tréimhse Dúnta: Ó 8.00r.n go 2.00i.n De Máirt 22ú Deireadh Fómhair 2024.

Cúis: Éascú a dhéanamh ar scafall a bhaint den aghaidh sheachtrach de Electric Nightclub agus Abbeygate House.

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Bóthar Shandair.

Coinneofar rochtain áitiúil agus rochtain do choisithe agus rothaithe i gcónaí.

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.

Féach Léarscáil

Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9.30rn go 1.00in, Luan go hAoine, Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lae ar Dé Céadaoin 16ú Deireadh Fómhair 2024.

Related news