'Don't Forget to Remember' - á Léiriú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe San Amharclann Pálás an 4 Meán Fómhair 2024

Galway City Council Presents 'Don't Forget to Remember'

Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i láthair i gcomhpháirtíocht le PÁLÁS agus MOTHERLAND taispeántas speisialta den chlár faisnéise iomráiteach, "Don't Forget to Remember," ag Pálás ar an 4 Meán Fómhair ag 7:00i.n.. Ina dhiaidh sin beidh ceist agus freagra le stiúrthóir an scannáin, Ross Killeen, agus an t-ealaíontóir sráide iomráiteach Asbestos. 

Is féidir ticéid don ócáid seo a fháil ag www.palas.ie/film/preview-donat-forget-to-remember-filmmaker-qa

Maidir leis an Scannán: 

Is scannán cumhachtach é ‘Don't Forget to Remember’ le Ross Killeen, a cruthaíodh i gcomhar leis an ealaíontóir Asbestos. Leanann sé Asbestos agus a theaghlach agus iad ag dul i ngleic le diagnóis Alzheimer a mháthar agus ag dul i ngleic lena cuimhne agus é ag dul I léig. Pictiúr chorraitheach atá sa scannán de chailliúint chuimhne mná amháin agus ceiliúradh ar cheangal clainne i bhfianaise na deacrachtaí. Déanann Killeen iniúchadh freisin ar phróiseas ealaíne Asbestos agus ar an ról ar féidir le healaín a imirt i gcneasú le linn eachtraí dúshlánacha an t-saol. 

Scagadh mar chuid de thionscnaimh gheilleagair oíche Chathair na Gaillimhe: 

Tá an taispeántas speisialta seo ar cheann den iliomad imeachtaí agus tionscnamh atá deartha chun geilleagar oíche Chathair na Gaillimhe a fheabhsú, ag tabhairt cuireadh do chuile duine taitneamh a bhaint as an gcathair tar éis 6:00in.

Faigheann an ócáid tacaíocht ó Chlár Aoisbhá Chathair na Gaillimhe, rud a léiríonn an tiomantas do chultúr oíche bríomhar agus cuimsitheach a chruthú ina mbraitheann an pobal atá amach sna blianta go bhfuil siad rannpháirteach agus fáilte rompu. 

Ón Stiúrthóiraagus Ealaíontóir: 

Ross Killeen: “Tá ríméad orm go bhfuil deis ag lucht féachana níos leithne ar fud na hÉireann ár scannán a fheiceáil. Ó mo chroí amach a déanadh an clár faisnéise seo... Tá fonn orm féin agus ar Asbestos comhrá níos leithne a spreagadh faoi cheangal teaghlaigh, an cuimhne, agus conas nach mhaolaítear caidrimh áirithe." 
Asbestos: “Is rud scanrúil é líníochtaí cailc a dhéanamh de chuimhní cinn mo Mham, iad a chur ar an tsráid agus iarraidh ar an bpobal iad a scrios. Ach tá an gníomh a dhéanamh ar na líníochtaí, agus ag caint faoi gach ceann de na cuimhní seo, dhaingnigh iad níos tréine i m'intinn, níos mó ná mar a bheinn ag súil leis. Cuma cén a scrios a déantar ar an líníocht, maireann na cuimhní ar aghaidh." 

Ráiteas an Chomhairleora Geilleagair Oíche 

“Tá ríméad orainn tacú leis an bplé ar 'Don't Forget to Remember', scannán a léiríonn co ragus casadh an chuimhne, an teaghlaigh agus an ealaín. Is cinnte go spreagfaidh an scéal cumhachtach seo comhrá fiúntach agus cothóidh sé nasc i measc an lucht féachana. Trí dhul i gcomhpháirtíocht lenár gcomhghleacaithe i rannóg Pobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, táimid tiomanta d'eispéiris chultúrtha oíche éagsúla agus chuimsitheacha a chur ar fáil atá ina thairbhe ag gach duine i meac an phobail nó atá  cuairt ar an gcathair bhríomhar." - Kate Howard, Comhairleoir Oíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

Gradaim agus Léiriú an Scannáin: 

Tá léiriú an scannáin tráthúil go leor ag tarlú ar i  Mí Dhomhanda Alzheimer agus an tseachtain roimh Seachtain Dearfach Aosaithe (30 Meán Fómhair - 6 Deireadh Fómhair 2024).

Taispeánadh "Don't Forget to Remember" den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath 2024, áit ar bhuaigh sé Gradam Rogha an Lucht Féachana agus bronnadh Gradam Onórach air.

Bhí a chéad taibhiú idirnáisiúnta aige freisin ag an 31ú heagrán den Sheffield DocFest agus bhí sé le feiceáil ag féile Docs Ireland 2024 i mBéal Feirste agus sa 36ú heagrán de Fhleadh Scannán na Gaillimhe. 

 

Is féidir ticéid don ócáid seo a fháil ag: www.palas.ie/film/preview-donat-forget-to-remember-filmmaker-qa