Dhá ghradam buaite ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i nDámhachtainí Chambers Ireland 2024 do Bharr Feabhais sa Rialtas Áitiúil

GCC staff with two awards at the Excellence in Local Government Awards 2024

Bronnadh dhá ghradam ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mar chuid de Dhámhachtainí measúla Chambers Ireland do Bharr Feabhais sa Rialtas Áitiúil a reáchtáladh an tseachtain seo caite (Déardaoin an 21 Samhain 2024) sa Crowne Plaza i mBaile Átha Cliath. Is iad na tionscadail ar bronnadh gradam orthu an podchraoladh ‘Galway City - Your Council’ sa rannóg Cumarsáid agus an clár ‘Reflections – mar Chomóradh ar Mhná Éireannacha 1923’ sa rannóg Cothú na nEalaíon. Bhí an treoirthionscadal nuálach innilte caomhantais ‘Buaile Bó Bhaile an Locháin’ ar an ngearrliosta sa chatagóir Comhshaol agus Bithéagsúlacht Inbhuanaithe. 

Reáchtáiltear na Dámhachtainí don Bharr Feabhas sa Rialtas Áitiúil, atá urraithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chun aitheantas a thabhairt don obair ardchaighdeáin atá ar bun ag Údaráis Áitiúla ar fud na hÉireann agus leis na hiarrachtaí sin a cheiliúradh. 

Agus é ag trácht ar na gradaim, dúirt an Príomhfheidhmeannach Leonard Cleary, “Tá an-áthas orm go bhfuil aitheantas á thabhairt don obair cheannródaíoch atá ar bun ag foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe sna dámhachtainí ina gcuirtear an obair thar cionn atá ar siúl ag údaráis áitiúla ar fud na tíre os comhair an phobail. Agus buaiteoirí againn in dhá chatagóir chomh maith le hainmniúchán sna gradaim thar a bheith iomaíoch seo, léiriú is ea an méid sin ar dhúthracht ár mball foirne dá bpobail agus seirbhísí á soláthar acu gach uile lá. Níl sna trí thionscadal seo ach léargas ar an obair atá ar bun ar fud na Cathrach. Is iontach an rud é go bhfuil aitheantas ar leibhéal náisiúnta á thabhairt dár n-iarrachtaí ag na moltóirí ó Chambers Ireland.” 

Eolas faoi na Tionscadail:

An podchraoladh Galway City – Your Council: Cuireann údaráis áitiúla breis agus 1,100 seirbhís ar fáil i réimsí an-éagsúil - cothabháil tránna, pónaí madraí, cur chun cinn na sláinte, pleanáil straitéiseach, cur chun cinn na turasóireachta agus an soláthar tithíochta. Ar an bpodchraoladh ‘Galway City - Your Council’, cuirtear cuid de na daoine a chuireann na seirbhísí seo ar fáil in aithne don phobal agus déantar plé ar an obair fhiúntach atá ar bun acu gach lá sa gcathair seo againne. 

Seoladh sraith a dó den phodchraoladh an tseachtain seo caite - is féidir éisteacht leis cibé áit a n-éisteann tú le podchraoltaí nó é a shruthú ó www.GalwayCity.ie/Podcast. 

Sa gclár "Reflections - Mar Chomóradh ar Mhná Éireannacha 1923", tugadh urraim do na mná Éireannacha eisceachtúla a raibh ról tábhachtach acu cúrsa staire na tíre a mhúnlú sa mbliain thábhachtach 1923. Agus é mar chuid den tionscnamh Deich mBliana na gCuimhneachán, 2012-2023, tugadh ómós do na pearsana móra seo sa tionscadal seo a raibh mórán gnéithe ag baint leis. San imeacht poiblí in Eaglais Choláisteach San Nioclás i mí na Samhna, 2023, chonacthas agus chualathas léiriú draíochtach a raibh amharc-ealaín, litríocht agus ceol mar chuid de. 

Ar na healaíontóirí, bhí:

  • An t-amharc-ealaíontóir Áine Philips agus Comharghrúpa Dhún Emer an Taoibh Thoir
  • An scríbhneoir Emily Cullen agus Grúpa Scríbhneoirí Chomóradh an Chéid Chomhrá na mBan an Taoibh Thiar 
  • An ceoltóir Tracy Buren agus Cór Ban Chomóradh an Chéid, cathair na Gaillimhe

I mí na Nollag, 2024, glacfaidh Músaem Chathair na Gaillimhe leis na meirgí áille atá déanta ag Comharghrúpa Dhún Emer, á dtreorú ag an ealaíontóir Áine Philips, isteach i mbailiúchán an mhúsaeim mar chuid d’oidhreacht an tionscadail agus cuirfear os comhair an phobail iad. 

Treoirthionscadal Caomhantais Buaile Bó Ballyloughane:

Tháinig dream nua chun cónaí i mBaile an Locháin go luath in 2024 - clann Bollatach - mar chuid de thionscadal spreagúil bithéagsúlachta atá ar bun ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair le feirmeoir áitiúil, tugadh ocht gcinn de bhollataigh lena gcur ar féarach ar an gceann tíre taobh thoir de Thrá Bhaile an Locháin i rith mhíonna an gheimhridh go Márta 2024 mar chuid de threoirthionscadal Buaile Bó Ballyloughane. Tugadh cuireadh do scoileanna agus grúpaí pobail áitiúla páirt a ghlacadh i gclár ambasadóirí le heolas a scaipeadh faoin bpór dúchasach Éireannach seo, faoin talmhaíocht agus faoina ngaol leis an mbithéagsúlacht in Éirinn. 

Tá méadú tagtha ar an mbithéagsúlacht san áit de réir na dtorthaí go dtí seo, é sin tar éis tréimhse innilte réasúnta gairid, agus tá bláthanna fiáine agus éin ghoir ag teacht chun cinn sa mBuaile. 

Tháinig na ba ar ais go dtí an Rinn Mhór le gairid agus dhá lao nuabheirthe mar aon le bó dhearg agus a lao féin anois sa tréad. Tá deis ag scoileanna áitiúla ainmneacha a mholadh do na trí lao nua. Féach www.galwaycity.ie/ga/services/foilliocht-agus-aineas/buaile-bo-ballyloughane