Déanfar an Athbhliain a cheiliúradh i gCathair na Gaillimhe le hImeachtaí a bheidh feiliúnach don Teaghlach ar fad

Band performing

 

Bí réidh le fáilte a chur roimh 2025 le ceiliúradh i gcroílár Chathair na Gaillimhe!  Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go mbeidh Féile Imeachtaí Teaghlaigh Oíche Chinn Bliana ar ais arís, féile a bheidh lán de cheol beo, siamsaíocht sráide, agus ar ndóigh, an comhaireamh mór síos go dtí meán oíche. 

Comhaireamh Síos a bheidh feiliúnach don Teaghlach ar fad ag 8pm!

Ón 6:00 pm go 10:00 pm an 31 Nollaig, déanfar mol beomhar lán de spraoi don teaghlach ar fad den tSráid Thrasna agus d’fhearann Eaglais Choláisteach San Nioclás. Beidh cloig íocónacha Eaglais Choláisteach San Nioclás ag bualadh ag 8:00 in, chun ócáid speisialta comhairimh síos a chur ar fáil do dhaoine de gach aois.

Oíche Cheoil agus Scléipe

Beidh réimse breá ceoil mar chuid d’Fhéile Imeachtaí Teaghlaigh Oíche Chinn Bliana Chathair na Gaillimhe chun siamsaíocht a chur ar fáil do na sluaite.

Tá an t-imeacht seo, ar cuid é de thionscnamh Geilleagair Oíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, leagtha amach le teaghlaigh ina chroílár. Cuireann sé timpeallacht thaitneamhach ar fáil do chónaitheoirí agus do chuairteoirí chun an Bhliain Nua a cheiliúradh le chéile. Beidh bialanna, beáir agus caiféanna na Gaillimhe oscailte, agus ag cur bia agus deoch bhlasta ar fáil i gcaitheamh an tráthnóna agus beidh Margadh Nollag na Gaillimhe ar oscailt ó 10am go 8pm. Tar éis na féile sráide, tugtar cuireadh do lucht ragairne leanúint le ceiliúradh na hAthbhliana ag ceann de bheáir agus ionaid cheoil bheo mór le rá na Gaillimhe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, "Tá an Fhéile Imeachtaí Teaghlaigh mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe geilleagar oíche rathúil agus éagsúil na Gaillimhe a fheabhsú.   Léirítear leis an ócáid seo chomh tugtha is atá an Chomhairle Cathrach d’eispéiris shábháilte thaitneamhacha a chur ar fáil do gach duine, beag beann ar a n-aois, agus tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh chuairteoirí agus roimh theaghlaigh chun an fhéile speisialta seo a cheiliúradh.”

Sonraí an Imeachta:

•           Am: 6:00 pm – 10:00 pm, 31 Nollaig

•           Comhaireamh Síos a bheidh feiliúnach don Teaghlach ar fad: 8:00 pm ag Eaglais Choláisteach San Nioclás

•           Láithreacha na stáitsí: An tSráid Thrasna agus fearann Eaglais Choláisteach San Nioclás

An tSráid Thrasna 

•           18:00 - 19:15 GIRO Galway International Retro Orchestra

•           19:30 - 20:30 Barbara Vulso Quartet

•           20:45 - 22:00 Vixen and the Cool Cats

Eaglais Choláisteach San Nioclás 

•           18:00 - 19:30 Screaming Blue Cats

•           19:40 - 21:00 John Conneely

Beidh The Bash Brothers Drumming Band ag imeacht leo ar na sráideanna freisin agus cuirfidh a gcuid ceoil ardfhuinnimh leis an atmaisféar ceiliúrtha. 

 

Bí ag caint linn ar na Meán Shóisialta: @galwaycitycouncil

#GalwaybyNight #NTEGalwayCity #NYEGalwayCity #NewYearCelebration #FeileGalway