Conserving Energy = Conserving Buildings / Imeacht

CONSERVING ENERGY = CONSERVING BUILDINGS - EVENT POSTER

Beidh ócáid lae maidir le hathfheistiú fuinnimh a dhéanamh ar fhoirgnimh thraidisiúnta á rith ag Caomhnú Ailtireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe an 15 Samhain 2024.

Meastar gur foirgnimh stairiúla thraidisiúnta beagnach 20% d’fhoirgnimh uile na hÉireann. Tráth a bhfuiltear ag díriú ar astaíochtaí carbóin a mhaolú agus billí fuinnimh a ísliú, tá a dtábhacht féin le foirgnimh den chineál seo. Ach d’fhéadfaí damáiste mhór a dhéanamh agus costas mór a tharraingt mura dtugtar faoi obair athfheistiúcháin leis an eolas ceart, leis an aire cheart agus leis an ábhar ceart.

Tiocfaidh saineolaithe maidir le hathfheistiú fuinnimh a dhéanamh ar fhoirgnimh thraidisiúnta le chéile le haghaidh Conserving Energy = Conserving Buildings chun cuidiú le daoine a thuiscint go ndéanann athfheistiú leas don fhoirgneamh, maitheas don timpeallacht agus tairbhe don duine.

Beidh an ócáid á reáchtáil in Amharclann Mick Lally agus is féidir clár an lae a fheiceáil thíos.

Cuir áit in áirithe: conservation@galwaycity.ie

Tá an clár le fáil anseo:

Document

CONSERVING ENERGY = CONSERVING BUILDINGS - CLÁR.pdf (PDF, 149.19KB)

 

OSCAILT AN DORAIS = 9:00 / TÚS 9:20 CLÁRÚ / TAE – CAIFÉ

DEISIÚ 

Cad is foirgneamh traidisiúnta ann / foirgneamh a choinneáil i gcaoi mhaith / sárphrionsabail chaomhnúcháin 

9:20 / COLM MURRAY Cad is foirgneamh traidisiúnta ann, cé chomh maith agus a fheidhmíonn sé agus na sárphrionsabail chaomhnúcháin 

10:00 / FRANK KEOHANE An tábhacht atá le hobair dheisiúcháin + chothabhála ar fhoirgnimh thraidisiúnta 

10:30 / AN DR ROSANNE WALKER Na nithe ar ceart díriú orthu / a dtagann i gceist le hidirghabháil throm vs éadrom i ndáil leis na sárphrionsabail chaomhnúcháin 

11:00 – 11:30 / TAE – CAIFE 

ULLMHÚCHÁN 

Na gnéithe le díriú orthu / conas bearta idirghabhála a mheas / céimeanna na hoibre a eagrú / an t-ábhar a roghnú 

11:30 / CARL RAFTERY Úsáid a bhaint as an treoir nua: Éifeachtúlacht Fuinnimh i bhFoirgnimh Thraidisiúnta a Fheabhsú, Treoir don Lucht Sonraíochta agus Feistithe 

12:00 / BRIAN MC INTYRE Buneolas faoin deontas beartaithe ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann maidir le hathfheistiú fuinnimh a dhéanamh ar fhoirgnimh thraidisiúnta 

12:10 / EOIN DOOHAN Seirbhísí meicniúla agus leictreachais a thabhairt san áireamh san obair athfheistiúcháin maidir le cúrsaí fuinnimh 

12:40 / JOE FITZGERALD Staidéar cáis maidir le hábhar insliúcháin atá ar fáil i ndáil le hathfheistiú ar fhoirgneamh traidisiúnta 

1:10 – 2:00 / LÓN CURTHA AR FÁIL

PLEANÁIL 

Oibriú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe

2:00 / MICHAEL SCOTT Cead pleanála / díolúintí / deimhniúcháin / deontais / iarratas ar chead pleanála a ullmhú

PÁIRTNÉIREACHT 

Cásanna staidéir maidir leis an sárchleachtas (deisiú + athfheistiú) / oibriú le hailtire, meitheal dearthóireachta, conraitheoir, + an t-údarás áitiúil 

2:30 / SEÁN DOCKRY ARCHITECTS 

3:00 / SILKE ARCHITECTS 

3:30 / FERGAL MCGIRL ARCHITECTS 

4:10 - 4:30 / CEISTEANNA & FREAGRAÍ + CLABHSÚR