
Fógraíodh torthaí an Chomórtais um Spásanna don Bhithéagsúlacht (Comórtas na mBailte agus na nGairdíní Slachtmhara roimhe seo). Eagraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe an comórtas chun aitheantas a thabhairt d'iarrachtaí na n-áitritheoirí, na ngnólachtaí agus na bhfoirgneamh poiblí sin a thugann tús áite don bhithéagsúlacht ina gcuid gairdíní, eastát agus limistéar poiblí, agus chun na hiarrachtaí sin a cheiliúradh.
Tháinig Tracy Boland, as Cnoc na Cathrach, sa chéad áit sa chomórtas don Ghairdín Tosaigh is Fearr in ainneoin iomaíocht ghéar bheith ann leis an phlionta a líonadh. Thug a gairdín ina bhfuil idir ilbhliantóga ag síneadh amach ar an gcosán, locháin bheaga fiadhúlra a chruthaigh sí féin agus ceapóg ghlasraí ardaithe, thug sé leis spiorad an chomórtais. Is ar Mary Boyle as Barr na Coille a bronnadh an duais do na Bláthbhoscaí Fuinneoige/Taispeántas Bláthanna is fearr, agus ciumhsóga aici ina bhfuil toir agus rogha ollmhór de photaí bláthanna, óltóirí le haghaidh feithidí agus éin agus neart áiteanna folaigh d'fheithidí agus d'ainmhithe beaga. Bronnadh an duais don Limistéar Cónaithe is Fearr (níos lú ná 50 teach) ar Chumann Áitritheoirí Ceathrú na Coille agus bronnadh an duais don Limistéar Cónaithe is Fearr (50-200 teach) ar Pháirc Mhuine Mheá. Bhí go leor ilbhliantóga áille sa dá cheantar seo a oireann do phailneoirí.
Léirigh na garraíodóirí go léir go bhfuil an-fhonn orthu bithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú in ár gcathair, rud atá ag teacht leis an bPlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta náisiúnta agus le Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Teastaíonn go mór uainn an comórtas seo, atá ar an bhfód le fada, a úsáid chun feasacht agus léirthuiscint a mhúscailt ar na buntáistí iomadúla a bhaineann leis an mbithéagsúlacht do gach réimse in ár sochaí, agus is cinnte gur léirigh iarrthóirí na bliana seo go bhfuil fonn orthu a gceantair siúd a oiriúnú chun leasa na bithéagsúlachta. Tréaslaím mar sin leis na hiarrthóirí go léir. Tá gairdíní príobháideacha, i dteannta a chéile, ar chuid de na spásanna is mó i go leor cathracha, agus mar sin is suntasach an obair a rinneadh anseo.”
Dúirt Paula Kearney, Oifigeach Bithéagsúlachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ‘bhí an pobal an-dearfach faoi sheoladh Chúinne an Ghiorria an Earrach seo, rud a léirigh go bhfuil fonn ar dhaoine an chaoi a bhfeiceann siad ar a gcuid talún féin a athrú. Is féidir, le tionscnaimh bheaga ghríosaitheacha amhail an comórtas um spásanna don Bithéagsúlacht, leanúint den phlé a athrú. Tá mianach go leor sna spásanna i ngairdíní príobháideacha chun bheith ina ‘nideoga don dúlra’ a sholáthraíonn breachachan ríthábhachtach chun naisc a dhéanamh idir an fiadhúlra ar fud na cathrach’.
Cuireadh na buaiteoirí go léir ar an eolas agus bronnfar a nduaiseanna orthu ag searmanas bronnta i mí na Samhna 2024. Chun tuilleadh eolais faoin gcomórtas a fháil, tabhair cuairt ar www.GalwayCity.ie/Spaces-For-Biodiversity
Liosta na mBuaiteoirí i gcomórtais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe um Spásanna don Bhithéagsúlacht 2024
Spásanna cónaithe
An Baile Bán
An chéad duais Mary Delany
2ú Con O’Donovan
Páirc na dTor/ An Daingean/ An Cuarbhóthar
An chéad duais Tina McHugh
Bóthar Áth Cinn
An chéad duais Sean Hynes
Cnoc na Cathrach
An chéad duais Tracy Boland (Buaiteoir iomlán an chomórtais)
Rathún
An chéad duais Alan Sixsmith
An Rinn Mhór
An chéad duais Eileen Corcoran
2ú Tony Kelly
Bóthar na Trá
An chéad duais Mary Hodkinson
Seantal
An chéad duais Gabriel Kelly
An Bóthar Ard
An chéad duais William F Hurley
Páirc na Coiribe/An Caisleán Nua
An chéad duais Margaret Gouyet
Buaiteoirí iomlána sna Catagóirí:
Mórduais don ghairdín tosaigh is fearr Tracy Boland
Na Bláthbhoscaí Fuinneoige is fearr Mary Boyle
Limistéir Chónaithe
Níos lú ná 50 teach Cumann Áitritheoirí Ceathrú na Coille
50-200 Teach Páirc Mhuine Mheá