Chuir an Leas-Mhéara Níall McNelis fáilte roimh chomhaltaí Choiste Chomóradh Cúig Chéad Bliain 1984 agus a dteaghlaigh chuid searmanas comóradh 40 bliain ina n-onóir i Halla na Cathrach Dé Luain, an 9 Nollaig 2024.
Sa bhliain 1984, d’eagraigh coiste ar a raibh baill foirne de chuid an údaráis áitiúil agus daoine de phobal sibhialta, cultúrtha agus gnó na Gaillimhe comóradh ar feadh na bliana ar Chúig Chéad Bliain den Rialtas Áitiúil i nGaillimh – rud a chothaigh borradh faoin mórtas sibhialta i muintir na cathrach.
Ag fáiltiú dó roimh an gcoiste agus a ndaoine muinteartha, dúirt Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comh. Níall McNelis, “Bhronn an rí Risteard III Cairt Chorpraíocha ar Ghaillimh sa bhliain 1484 rud a d’fhág cuid mhór smachta ag lucht tráchtála na Gaillimhe ar bhainistíocht an bhaile mhóir. An bhliain chéanna sin, bronnadh bardacht ar Bhiocáireacht an Teampaill Mhór, rud a d’fhág Eaglais Shasana go háitiúil agus an lucht tráchtála neamhspleách ar Dheoise Eanach Dhúin agus ar Ardeaspag Thuama. Bhí de cheart feasta ag Teampall San Niocláis bardaigh a thoghadh agus bainistíocht a dhéanamh go neamhspleách ar ghnóthaí eaglasta an bhaile mhóir. Cuireadh coiste na bliana 1984 le chéile tráth a raibh cuid mhór ag dul ar imirce i rith deich mbliana de chúlú eacnamaíochta agus chuir an comóradh bliana stair éagsúil na Gaillimhe i lár an aonaigh chomh maith le borradh a raibh géarghá leis a chur faoi chúrsaí eacnamaíochta agus cultúir tráth a raibh gnóthaí eacnamaíochta anróiteach go leor.
Thréaslaigh Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a gcuid oibre leis an gcoiste, “Ní mar a chéile ar chor ar bith a bhí Gaillimh ceathracha bliain ó shin agus bhí deacrachtaí le sárú go hainsealach ag an gcathair maidir le himirce, dífhostaíocht fhadtéarmach agus tréigean agus bánú lár na cathrach. Thug coiste an Chomórtha 500 Bliain le chéile pobal polaitíochta, sibhialta, gnó agus cultúir na Gaillimhe i gcoitinne agus aon chuspóir amháin acu in éineacht. D’eagraigh an coiste, ag obair as lámha a chéile, ceiliúradh ar feadh bliana ar bhunú bhardas na Gaillimhe sa bhliain 1484. Cothaíodh cuid mhór mórtais leis an gceiliúradh sin agus tugadh céim chun tosaigh do ghnóthaí eacnamaíochta na háite... is iontach an rud a bheith i láthair inniu agus toradh an tsaothair sin le feiceáil againn.”
Labhair Séamus Keating, iar-Bhainisteoir Cathrach, chomh maith agus thréaslaigh seisean leis an gcoiste an dua a chaith siad leis an gcúram ag labhairt dó le lucht an choiste agus le daoine muinteartha comhaltaí a d’éag idir an dá linn.
Bhronn an Leas-Mhéara Niall McNelis scrollaí ar an uile dhuine a bhí i láthair agus ghabh sé buíochas leo as an gcion tairbhe a rinneadh.
Ceannteidil le hÍomhánna:
Chun tosaigh: Seamus Keating, former City Manager; Leonard Cleary, Chief Executive Galway City Council; Cllr Níall McNelis, Deputy Mayor of the City of Galway; Cllr Terry O Flaherty, Cllr Donal Lyons;
An dara líne: Tom Browne, Frank Keating, Avril Forrest, Imelda Byrne, Marion McNamara, Eileen Maloney, Della Beaty, Bernard O Hara, Gerry O Neill, Gerard Leyden
Ar gcúl: Very Reverend Leslie Forrest, Joseph Ryan, Alex Ryan, Anthony Ryan, Tom O’Connor