Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an nGearrliosta le haghaidh Gradam Tithíochta ag na Gradaim Náisiúnta Aitheantais agus Gnóthachtála maidir le Cúrsaí Aoisbhá

Members of staff and the design team on An Cliathan with their shortlist cert at the Age Friendly Awards 2024

Is ábhar mórtais ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe a bheith ar an ngearrliosta do ghradam i gcatagóir na Tithíochta ag na Gradaim Náisiúnta Aitheantais agus Gnóthachtála maidir le Cúrsaí Aoisbhá an tseachtain seo chaite (an 7 Samhain) in Óstán an Crowne Plaza i mBaile Átha Cliath. Cuireadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an ngearrliosta mar gheall ar ‘An Cliathán’ - áitreabh a tógadh go sonrach do dhaoine aosta.

Tá obair dhearthóireachta nua-aimseartha i gceist leis an gCliathán a thagann le prionsabail na hinrochtaineachta agus na hinmharthanachta ionas go gcinntítear go bhfuil spás maireachtála ar ardchaighdeán ar fáil a fhónann don dul in aois gan cur as áit. Áirítear ar na gnéithe sainiúla forbraíochta, bealaí isteach atá saor ó bhacainn, ceangal inrochtana le córais iompair, spásanna pobail, agus béim ar réimsí glasa—trína gcuirtear nósanna maireachtála gníomhacha chun cinn agus comhchaidreamh sa chomharsanacht. 

Chuathas i gcomhairle leis an údarás áitiúil agus leis an bpobal maidir le gnéithe den obair dhearthóireachta ionas go gcinntítear go bhfuil freastal á dhéanamh ar riachtanais na gcónaitheoirí de réir mar a thagann athrú orthu sin. Chomh maith leis an mbéim a chuirtear ar chúrsaí áisiúlachta, is forbraíocht inmharthana atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh An Cliathán a thagann le cuspóirí níos leithne Chathair na Gaillimhe maidir le comharsanachtaí a chruthú atá seasmhach le haird ar chúrsaí aeráide san am atá ag teacht.

Déantar ceiliúradh leis na Gradaim Náisiúnta Aitheantais agus Gnóthachtála maidir le Cúrsaí Aoisbhá, arna eagrú ag Aoisbhá Éireann, ar thionscnaimh agus ar thograí a mbíonn tairbhe dáiríre astu trína chinntiú gur féidir le daoine scothaosta saol bríomhar folláin a chaitheamh go neamhspleách.  

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is teist é a bheith ar an ngearrliosta do na gradaim seo faoin gcatagóir Tithíochta ar dhúthracht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun dearthóireachta agus tógála ar árais chónaithe a dhéanann freastal ar riachtanais daoine scothaosta an tráth céanna a gcuirtear an ceangal idir na glúnta ar fad chun cinn.”

Deir Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Níall McNelis, “Is cúis bhróid agam Comhairle Cathrach na Gaillimhe a bheith ar an ngearrliosta don ghradam seo. Rinneadh forbraíocht ar ardchaighdeán, ionas go bhfuil árais tithíochta a bhfuil géarghá leo ar fáil i gCathair na Gaillimhe, le comhar oibre idir OCC Construction agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an mheitheal dearthóireachta. Is céim bhreá chun cinn é seo maidir le Plean Gníomhaíochta 2022-2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i ndáil le Tithíocht a chur ar fáil.

Tugadh aitheantas le gairid don Chliathán ag Gradaim Shárfheabhas Foirgníochta na hÉireann 2024 nuair a bronnadh an gradam d’Árais Chónaithe suas le €5M ar OCC Construction.

Tagann an tionscadal seo go maith le Clár Aoisbhá Chathair na Gaillimhe atá dírithe ar fheabhas a chur ar na seirbhísí agus na háiseanna a bhfuil sé sonraithe ag daoine scothaosta i gCathair na Gaillimhe go bhfuil tábhacht acu leo.