Ciste Aitheantais Pobail 2024

Community Recognition Fund 2024

Tá lúcháir ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (LCDC) maoiniú caipitil de €936,693 a fhógairt do 11 tionscadal i gCathair na Gaillimhe faoin gCiste Aitheantais Pobail 2024.

Soláthróidh an maoiniú tacaíochtaí caipitil a bhfuil géarghá leo atá riachtanach don iliomad grúpaí agus eagraíochtaí beaga pobail ar fud Chathair na Gaillimhe a d’óstáil Tairbhithe na Cosanta Sealadacha agus/nó Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. Tá an Ciste Aitheantais Pobail maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Féach an nasc anseo a leanas le do thoil le haghaidh preasráiteas ag fógairt na dtionscadal rathúla ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD.

Tá liosta iomlán de na grúpaí rathúla a faomhadh faoin gCiste Aitheantais Pobail 2024 ar fáil anseo.