BÓITHRE CEAPTHA INA mBÓITHRE POIBLÍ - Lána McConn, Bóthar na Mine, Bóthar na Trá, Gaillimh

City Hall

De réir fhoráil d’Acht na mBóithre, 1993, TUGANN Comhairle Cathrach na Gaillimhe FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn sí dearbhú a dhéanamh go mbeidh na bóithre thíosscríofa ina mbóithre poiblí. Breithneoidh an Chomhairle luaite an gnó seo ag cruinniú a thionólfar ar a luaithe an 9 Nollaig 2024.


Tá na bóithre atá luaite léirithe ar léarscáil atá ar fáil le hiniúchadh i gcaitheamh uaireanta oifige, 9.30a.m. go dtí 1:00i.n., i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, ón Deardaoin an 17 Deireadh Fómhair 2024 – Déardaoin 21 Samhain 2024, agus an dáta sin san áireamh. Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe bóithre, seirbhísí agus spásanna oscailte poiblí a thógáil i gcúram taobh istigh den limistéar a bhfuil imlíne dhearg timpeall air sna léarscáileanna, gan limistéir phríobháideacha san áireamh. Ní mór agóidí nó aighneachtaí maidir leis an togra a bheith faighte ag an té a bhfuil a ainm thíos tráth nach déanaí ná faoi mheán lae 12:00i.n. Déardaoin 28 Samhain 2024.


BÓTHAR (Ainm an Eastáit): Lána McConn Bóthar na Mine Bóthar na Trá Gaillimh
CUR SÍOS: Píosaí bóthair, cosáin, spás oscailte poiblí agus seirbhísí, laistigh de réimsí á dtaispeáint ar Líníocht Uimh. R11-79-01, ag tosú ag an acomhal le Bóthar na Mine/R-338 agus ag síneadh soir ar fad 150 méadar líneach.