BÓITHRE A DHÚNADH GO SEALADACH Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialachán na mBóithre 1994 - Airteagal 12 Fógra Rúin - An tSráid Ard

You are here: News TEMPORARY CLOSING OF ROADS Roads Act 1993 – Section 75 Roads Regulations 1994 - Article 12 Notice of Intention - High street

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-

An tSráid Ard: Ó acomhal leis An tSráid Trasna go dtí acomhal Sráid na Siopaí.

Sráíd na Céibhe: Ó acomhal Shráid Thrasna go dtí an acomhal leis an mbealach amach ó Óstán Leonardo, beidh sé dúnta freisin do thrácht HGV.

Tréimhse an Dúnadh: 24/7, Dé Luain 30ú Meán Fómhair 2024 go dtí Dé hAoine 29ú Samhain 2024  

Cúis: Athshlánú sráide agus oibreacha uasghrádaithe draenála

Bealaí Atreoraithe:   Beidh bealach atreoraithe sealadacha i bhfeidhm trí Sráid Phríomh Gárda, An tSráid Trasna, Sráid Thobar an Iarla, ag casadh ar chlé ar an R336 Sráid na nDuganna Nua, go Bóthar na gCeannaithe Íochtarach, agus níos faide ar dheis ar an R336 ag leanúint ar Paráid na Spáinneach

Coimeádfar rochtain áitiúil mar a cheadaítear laistigh de na teorainneacha atá laistigh den chrios coisithe atá ann cheana féin

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.

Féach Léarscáil

Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9.00r.n go 1.00i.n, Luan go hAoine. Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach atá b0eartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin ar Déardaoin 12ú Meán Fómhair  2024