Aonad Bainistíochta Bruscair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le Spiorad na Féile a thabhairt chomh fada le Gasúir atá san Ospidéal Aimsir na Nollag

Litter management unit staff with toys they donated to Univesity Hospital Galway

Tháinig ball foirne Aonad Bainistíochta Bruscair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le chéile an Nollaig seo chun aoibhneas agus spiorad na féile a scaipeadh trí luach €1,000 de bhréagáin a bhronnadh ar Rannóg na Leanaí in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh 

Chuaigh criú na foirne Bainistíochta Bruscair go Smyths Toystore ar Bhóthar Áth Cinn Dé Máirt an 10 Nollaig 2024. Bhí €1,040 le caitheamh acu ar bhréagáin do na gasúir ar fad a bheidh ag caitheamh tréimhse san ospidéal i gCathair na Gaillimhe an Nollaig seo. 

Bhí Aoife Larkin, Altra Bainisteora Cliniciúil in Aonad Péidiatraice Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh in éineacht leis an bhfoireann i Smyths chun cúnamh a thabhairt dóibh na bréagáin is mó a thaitneodh leis na gasúir a roghnú.  Bhí rogha mhór bréagán pioctha amach ag an bhfoireann, ó bhábóga go dineasáir, leoraithe agus banphrionsaí Disney. 

Bhronn Smyths Toystore luach €100 de bhréagáin iad féin, a d’fhág go raibh bréagáin arbh fhiú suas le €1,140 le bronnadh.

Is éard a dúirt Tommy Molloy, Saoiste leis an Aonad Bainistíochta Bruscair, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an té a d'eagraigh an bailiúchán airgid; “Cuireadh tús leis seo le linn an Charghais i mbliana, díreach roimh an gCáisc. Bhí beirt de na fir ag déanamh an Charghais ar sheacláid agus le teann magaidh, thug mé dhá Ubh Chásca isteach sa gceaintín le cathú a chur orthu. Thosaigh baill eile den fhoireann ag déanamh amhlaidh nó go raibh 40 ubh sa gceaintín againn! Ní raibh muid cinnte céard a dhéanfadh muid leis na huibheacha ar fad nó go ndúirt duine de na fir gur cheart dúinn iad a bhronnadh ar an Aonad Péidiatraice, mar sin, rinne muid é sin. Bhí an oiread ríméid orthu iad a fháil.  Cúpla mí ina dhiaidh sin, nuair a chuala sé faoin méid a rinne muid leis na hUibheacha Cásca, dúirt mo bhas, Jimmy O’Connor, gur cheart dúinn rud éigin speisialta a dhéanamh do na gasúir faoi Nollaig. Thug an 35 ball foirne san Aonad Bainistíochta Bruscair €30 an duine le bréagáin a cheannach - sin €1,040 ar fad. Ba iontach an rud é an oiread sin airgid a bhailiú agus tá ríméad orainn a bheith in ann cúnamh dá leithéid a thabhairt don ospidéal.  Níl aon ghasúr ná tuismitheoir ag iarraidh a bheith san ospidéal faoi Nollaig - mar sin, tá súil againn go dtabharfaidh sé seo beagán ardú croí dóibh i mbliana."

Tabharfar na bréagáin do na gasúir de gach aois i gcaitheamh na Nollag agus beidh cuid díobh ar fáil i seomra spraoi an Aonaid Péidiatraice. Tabharfar cuid de na bréagáin amach i gcaitheamh na bliana le cúnamh a thabhairt do leanaí cleachtadh a fháil ar chógas agus ar chóir leighis.