Aitheantas tugtha d’Fhéile na mBeach Fiáin i gCathair na Gaillimhe ag Gradaim Oidhreachta Náisiúnta 2024

Galway City Council members accepting award.

 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar bís gur bhaineadar an dara háit amach sa ‘Gradam Oidhreachta Inbhuanaitheachta agus Aeráide’ ag na Gradaim Oidhreachta Náisiúnta, Dé hAoine, an 15 Samhain 2024. Déantar ceiliúradh leis na Gradaim Oidhreachta Náisiúnta ar na himeachtaí ba spéisiúla a cuireadh ar siúl i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Cuireadh breis agus 2,500 imeacht ar bun le linn Sheachtain Oidhreachta 2024 agus b’onóir do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gur cuireadh ar an ngearrliosta í i ngeall ar Fhéile na mBeach Fiáin ag searmanas sa Séipéal agus Halla Mór in Ospidéal Chill Mhaighneann, a raibh Síle Seoige ina bean an tí air.

D’ainmnigh an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta  ‘Féile na mBeach Fiáin 2024’ don ghradam mar aitheantas ar obair na féile le cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn agus le feasacht a ardú ar thionchar an athraithe aeráide ar an oidhreacht. 

Imeacht bliantúil í Féile na mBeach Fiáin ar a ndéanann an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta comhordú le feasacht a ardú ar phailneoirí na hÉireann, agus ar an mbealach gur féidir leis an bpobal áitiúi cabhrú leo. 

Oifigeach Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe a d'eagraigh Féile na mBeach Fiáin i gCathair na Gaillimhe, agus cuireadh cainteanna agus ceardlanna saor in aisce ar siúl i rith an deireadh seachtaine faoi stiúir na saineolaithe bithéagsúlachta ón Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta, an Dr Úna Fitzpatrick agus Kata Chandler; grúpaí pobail, Cairde Choillte Mhuirlinne, Colin Stanley maidir le pailneoirí a thaifeadadh, agus Grace Clinton ó ‘Fenit’s Changing Tides’ ar an obair atá á déanamh leis an mBeach Chardála Caonaigh, atá faoi bhagairt, a chosaint; agus faoi stiúir Gharraíodóir Ceirde Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Robert Steed, maidir le Móinéir Phobail a Chruthú. Thug an tOifigeach Bithéagsúlachta Paula Kearney grúpa ag siúl in éineacht léi trí Choill Bhearna agus chuir sí caint ar siúl ar chabhrú le pailneoirí i gCathair na Gaillimhe agus ar an bPlean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht. 

Ag labhairt di faoin ngradam, dúirt Lisa Smyth, an Stiúrthóir Páirceanna Feidhmiúcháin Sinsearach sa Rannóg Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta, “Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go raibh Féile na mBeach Fiáin 2024 ar an ngearrliosta don Ghradam Oidhreachta Inbhuanaitheachta agus Aeráide. Gabhaimid ár mbuíochas lenár bhfoireann as an obair a dhéanann siad ar an bhféile seo, agus lenár bhfoireann ar an láthair gach lá a dhéanann ár n-oidhreacht nádúrtha a chosaint. Níl san fhéile seo ach ceann den réimse gníomhaíochtaí a dhéanaimid i gComhairle Cathrach na Gaillimhe chun tacú leis an mbithéagsúlacht – móinéir plandaí fiáine, sconsaí a chur in airde timpeall ar limistéir ghainimh ag Trá Grattan, an Clár Píolótach Caomhnaithe trí Innilt ‘Buaile Bó’ ag Baile an Locháin, bainistiú féir, agus bainistiú ar speicis ionracha ina measc agus go leor gníomhaíochtaí eile nach iad. Gabhaimid buíochas freisin leis an bpobal as a dtacaíocht agus a rannpháirtíocht lenár dtimpeallacht nádúrtha shaibhir i gCathair na Gaillimhe a chosaint”.

Más mian leat cabhrú le beacha fiáine agus pailneoirí eile a choimeád i gCathair na Gaillimhe, is féidir leat na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. Ná gearr an féar, lig cead dó fás!

  2. Crainn atá feiliúnach do phailneoirí a chur

  3. Úsáid feithidicídí, fuingicídí agus luibhicídí a sheachaint

  4. Gnáthóga neadaithe a chruthú do phailneoirí

  5. Plandaí ina bhfuil go leor neachtair agus pailine a roghnú do do ghairdín

Is féidir tuilleadh eolais faoi bhealaí chun cabhrú le pailneoirí a fháil ar: https://pollinators.ie/top-ten-ways-to-help-pollinators/ 

Comhairle Cathrach na Gaillimhe a rinne maoiniú ar Fhéile na mBeach Fiáin 2024 ó na rátaí cánach maoine áitiúla agus tráchtála, agus tacaíonn an Chomhairle Oidhreachta agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis an bhFéile tríd an gCiste Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht Áitiúil.