Is féidir cur isteach anois ar Dheontas d’Fhoirgnimh Stairiúla Ceann Tuí – FSCT / SIOF (gné den Scéim Infheistíochta maidir leis an Oidhreacht Foirgníochta – SIOF) maidir le cistí deontais d’obair ar dhéanmhais incháilithe de na cineálacha a liostaítear thíos. Is féidir treoir maidir le hiarratas a dhéanamh, agus an fhoirm iarratais, a íoslódáil thíos.
Ní mor iarratas FSCT / SIOF a chur faoi bhráid conservation@galwaycity.ie faoin 17 Eanáir 2025. Moltar d’iarratasóirí scríobh chuig an Oifigeach Caomhantais Ailtireachta roimh an dáta sin ag conservation@galwaycity.ie ó tharla nach féidir soiléiriú ná coigeartú a dhéanamh tráth is deireanaí ná sin maidir le hiarratas atá curtha isteach.
Déanmhais Inghlactha
Déanmhas stairiúil ar bith faoi cheann tuí, áras cónaithe nó áras tráchtála san áireamh. Déanmhais nó oibreacha i Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA), nó i réimse taitneamhachta Shéadchomhartha Náisiúnta, i gcásanna eisceachta.
Oibreacha Inghlactha
Is í an phríomhobair incháilithe an obair tuíodóireachta ar an díon agus aon obair riachtanach eile is gá a dhéanamh i ndáil leis an obair sin, mar shampla caoi a chur ar shimléar.
Maidir leis an Deontas d’Fhoirgnimh Stairiúla Ceann Tuí – FSCT / SIOF
Is é atá de chuspóir leis an scéim an tairbhe oidhreachta atá le foirgnimh stairiúla ceann tuí ar fud na hÉireann a chosaint, árais chónaithe nó foirgnimh eile ina measc. Is gné an Deontas d’Fhoirgnimh Stairiúla Ceann Tuí den Scéim Infheistíochta maidir leis an Oidhreacht Foirgníochta – SIOF.
An Brainse Caomhantais Ailtireachta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe a dhéanann FSCT / SIOF a riar thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is féidir iarratas maidir leis an aon déanmhas amháin a dhéanamh faoin FSCT / SIOF agus faoin HSF ach ní féidir cistiú a cheadú faoin dá scéim in aon bhliain amháin.
Iarratasóirí Inghlactha
Úinéirí agus áitritheoirí fhoirgnimh stairiúla ceann tuí, déantar tagairt d’alt 3.1 sa cháipéis treorach is féidir a íoslódáil thíos.
Iarratas a Ullmhú
Cuirtear an fhoirm iarratais agus ábhar treorach ar fáil thíos.
Moltar d’iarratasóirí eolas a chur ar a bhfuil sna cáipéisí seo.
Ní mór an cháipéisíocht uile a liostaítear thíos a bheith leis an iarratas:
• Foirm Iarratais A Líonta Isteach go hIomlán
• Ráiteas Cuimsitheach faoin Modh Oibre (déantar tagairt don ábhar treorach maidir leis an eolas is ceart a chur ar fáil i ráiteas faoin modh oibre)
• Liosta Seiceála maidir leis an Iarratas
Ní bheidh glacadh tar éis an dáta deiridh thíosluaite le hiarratas nach bhfuil líonta isteach mar is ceart.
Ní mór gach coinníoll faoin reachtaíocht a shásamh maidir le hoibreacha a dhéantar faoin FSCT / SIOF, coinníollacha maidir le cead pleanála san áireamh. Sa chás go mbeartaítear oibreacha a dhéanamh ar shuíomh/séadchomhartha atá cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004, ní mór coinníollacha faoin reachtaíocht maidir le fógra a thabhairt nó toiliú an Aire a fháil i gcomhréir leis na hAchtanna sin a shásamh.
Más mian leat tuilleadh eolais, soiléiriú, treoir faoi iarratas a ullmhú a fháil nó deimhniú gur déanmhas cosanta an déanmhas atá i gceist le d’iarratas, gur déanmhas é atá beartaithe a chosaint nó go bhfuil sé in LCA, déan teagmháil le Michael Scott, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta Feidhmiúcháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar conservation@galwaycity.ie nó glaoigh ar 091 536400.
Iarratas a Chur Isteach
Ní mór iarratas, arna líonadh isteach go hiomlán, a chur isteach tráth nach deireanaí ná 4 i.n., Dé hAoine, an 17 Eanáir 2025 chuig conservation@galwaycity.ie.
An Cistiú atá ar Fáil
Suas le 80% de chostas iomlán na n-oibreacha faoi réir ag uasmhéid deontais €20,000. Tugtar chun aire go mbeidh an chistiú a cheadaítear i gcuid mhór cásanna go mór faoi bhun 80%.
An Tráthchlár maidir leis na hOibreacha a thabhairt chun críche
Cuirfear fógra faoi chistí a cheadú go sealadach chuig lucht na n-iarratas a n-éiríonn leo i mí Feabhra 2025 agus tá na hoibreacha le tabhairt chun críche faoi mhí Deireadh Fómhair 2025.
Cáipéisí Iarratais
Tá an Leabhrán Treorach, an Fhoirm Iarratais agus an Liosta Seiceála maidir le FSCT / SIOF 2025 ar fáil le híoslódáil thíos.
Document HTB-BHIS 2025 Guidance Circular.pdf (PDF, 915.43KB)Document HTB-BHIS 2025 - Application Form A.docx (DOCX, 184.75KB)
Document HTB-BHIS 2025 Application Checklist.docx (DOCX, 22.17KB)