Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe go gcuirtear deiseanna ar fáil le comóradh phoiblí chun duine, grúpaí daoine nó imeachtaí a bhfuil tábhacht ag baint leo a urramú, a cheiliúradh nó a mheabhrú.
Sí Athluacháil na Rátaí an próiseas trína ndéantar gach maoin inrátaithe i limistéar údaráis áitiúil a luacháil ag an am céanna, faoi threoir an dáta luachála céanna. Tagann dáileadh níos cothroime mar thoradh as ar rátaí tráchtála thar íocóirí na rátaí.
Forbraíonn údaráis áitiúla cláir chun úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn chun seachadadh seirbhíse, beartas agus teagmháil le pobail a fheabhsú.
Más iarrthóir nua thú, is féidir leat clárú chun vótáil ar líne NÓ más toghthóir thú cheana féin, iarrtar ort do shonraí a nuashonrú ar líne trí chuairt a thabhairt ar: www.checktheregister.ie
Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le comhpháirtithe Eorpacha eile, páirt a ghlacadh i gcláir ar athrú aeráide, ídiú fuinnimh, forbairt eacnamaíoch agus turasóireachta agus cáilíocht na beatha.
Tugann Coistí Um Beartais Straitéiseacha (SPCanna) comhaltaí tofa (Comhairleoirí) le chéile, agus daoine a oibríonn go gníomhach le comhpháirtithe sóisialta agus le leasanna earnála eile chun beartais a bhaineann le seirbhísí na Comhairle a fhorbairt agus a athbhreithniú. Mar sin féin, is leis an gComhairle iomlán atá na cinntí beartais críochnaitheacha ag gníomhú mar chomhlacht.