Soláthraíonn Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe áis do chustaiméirí atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe earraí tí nó leictreacha nach bhfuil ag teastáil a thabhairt chomh fada leis an ionad agus iad a dhiúscairt saor in aisce.
Is le haghaidh custaiméirí atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe amháin an t-ionad. Tá dianchosc ar úsáid tráchtála.