Paráid na Féilte Pádraig

Beidh Paráid na Féilte Pádraig ar siúl Dé Domhnach an 17 Márta 2025. Tá sé beartaithe go dtosóidh an pharáid ag 11.00rn agus críochnaíonn sé ag 1.00in de ghnáth. Is in Ollscoil na Gaillimhe a bheidh an ionad tosaithe agus sé Carrchlós an Bhosca Dhuibh an ionad bailiúcháin.

  • Léiriú Spéise i bParáid na bliana 2025

    Beidh Paráid na Féilte Pádraig ar siúl Dé Domhnach an 17 Márta 2025. Tá sé beartaithe go dtosóidh an pharáid ag 11.00rn agus críochnaíonn sé ag 1.00in de ghnáth. Is in Ollscoil na Gaillimhe a bheidh an ionad tosaithe agus sé Carrchlós an Bhosca Dhuibh an ionad bailiúcháin.

    Séard atá san fhoirm thíos ná iarratas ar pháirt a ghlacadh sa pharáid. Déanfar cinneadh deiridh maidir le rannpháirtíocht na paráide ag deireadh na bliana 2024. Fógrófar an clár páirtíochta deiridh agus sonraí na paráide sna laethanta díreach roimh an bparáid ach beidh a leithéid faoi réir athraithe.

    Sí Comhairle Cathrach na Gaillimhe a eagraíonn agus a mhaoiníonn an pharáid agus tá saorchead isteach ann. 

    • 1. Bóthar na hOllscoile / Beidh an limistéar scaipthe suite ag Amharclann An Bosca Dubh, Bóthar na Díge.
    • 2. De ghnáth, sé bealach na paráide ná - Bóthar na hOllscoile, an Ardeaglais, Droichead na mBradán, Cearnóg Theach na Cúirte, Sráid Eglinton, Sráid Gheata Liam, An Fhaiche Mhór, Cnoc an Radhairc.
    • 3. Amchlár
      • a. 09:00 – Limistéar Socraithe ar Oscailt
      • b. 10:00 – Gach rannpháirtí i láthair
      • c. 11:00 – Gach grúpa ina áit
      • d. 11:30 – Tosaíonn an Paráid. De ghnáth, tógann sé thart ar 45 nóiméad siúl thar rian iomlán na paráide
    • 4. Beidh leithris ar fáil ag an limistéar socraithe agus cinn eile ag Amharclann An Bosca Dubh.
    • 5. Má thagann do ghrúpa isteach ar chóiste, ba cheart á ligean síos ag Bhóthar na hOllscoile roimh 10:00.
    • 6. Molaimid úsáid a bhaint as Carrchlós Bhóthar na Díge le haghaidh páirceála. Sé €6.50 an táille in aghaidh an lae.
    • 7. Beidh veain na gcótaí páirceáilte sa limistéar socraithe inar féidir le grúpaí a gcuid cótaí, scáthanna fearthainne srl a fhágáil.
    • 8. Má tá flóta mar chuid den tóstal agat, is féidir á bhailiú ón gclós ar chúl Amharclann An Bosca Dubh tar éis na Paráide.
    • 9. D'fhonn an bruscar a laghdú, iarraimid ar do ghrúpa gan bileoga a thabhairt amach agus gan coinfití/sraoilleáin a úsáid.
    • 10. Tá seans ann nach mbeidh bun ar an aimsir agus, dá bhrí sin, ba cheart duit an dóthain éadaigh a chaitheamh faoi do chuid cultacha/éide. Bí cinnte go bhfuil go leor uisce ar fáil do gach éinne go dtí le deireadh na Paráide.
    • 11. Má mheastar nach bhfuil iontráil an iarrthóra oiriúnach don ócáid, d’fhéadfadh an iarratas a dhiúltú
    • 12. Ní cheadófar an pharáid a úsáid chun ráitis pholaitiúla a dhéanamh ná chun aon ghrúpa stocaireachta nó aon fheachtas a chur chun cinn.
    • 13. Ní mór do gach grúpa cloí le treoracha mhaoir na paráide lena chinntiú go bhfeidhmeoidh an ócáid go réidh agus go sábháilte.
    • 14. Nuair a thosaíonn an pharáid, ní stopfaidh sí go dtí go sroicheann sí an chríoch. Níl aon stad beartaithe feadh bhealach na paráide.
    • 15. Fógrófar na Limistéir Inrochtana níos gaire don am.

     

    Tá gach sonraí faoi réir athraithe.

    Is féidir leat léiriú spéise a chur isteach ar líne chun páirt a ghlacadh sa pharáid ar an nasc seo:

  •  

    Foirm Iarratais

  •  

    ríomhphost chuig candc@galwaycity.ie