Tuilte agus Riosca Tuilte

Sa bhliain 2012 chuir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) tús le staidéar fairsing ar cheantair riosca tuile i gcomhar leis na húdaráis áitiúla ar a dtugtar an Clár um Measúnú agus Bainistíocht Riosca Tuilte an Dobharcheantair (CFRAM).

Sainmhínithe

Tuilte: ‘Séard atá i dtuilte ann ná tailte nach bhfuil faoi uisce de ghnáth a bhieth faoi uisce go sealadach; agus is próiseas nádúrtha é a d’fhéadfadh tarlú ag am ar bith i réimse fairsing suíomhanna’.

Riosca Tuilte: ‘Sé riosca tuilte an damáiste a mbeifí ag súil go dtarlóidh sé in áit ar leith mar thoradh ar thuilte. Is meascán é den dóchúlacht go dtarlóidh tuilte, méid na tuilte agus na tionchair nó an damáiste a d’fhéadfadh teacht as an tuilte’.

 

Clár um Measúnú agus Bainistíocht Riosca Tuilte an Dobharcheantair (CFRAM)

Sa bhliain 2012 chuir  Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) tús le staidéar fairsing ar cheantair riosca tuile i gcomhar leis na húdaráis áitiúla ar a dtugtar an Clár um Measúnú agus Bainistíocht Riosca Tuilte an Dobharcheantair (CFRAM). D'aithin an clár seo 300 pobal a d’fhéadfadh a bheith i mbaol suntasach ó thuilte sa todhchaí, lena n-áirítear 90 pobal cósta a measadh mar Limistéir le haghaidh Measúnú Breise (AFA). Cuireadh Cathair na Gaillimhe ar an liosta seo.

Chuir an clár CMBRD an fhianaise ar fáil chun pleanáil go náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar riosca tuilte, lena n-áirítear tuilleadh fianaise chun cinntí pleanála agus forbartha agus pleanáil um fhreagairt éigeandála a threorú.

Rinneadh 29 bPlean um Bhainistíocht an Riosca Tuilte (FRMP) ón gclár CFRAM a fhorbairt agus leag siad amach na bearta inoibrithe a d’fhéadfadh riosca tuilte a bhainistiú in Éirinn. Cuireann na PRBTanna an fhianaise ar fáil chun bonn eolais a chur faoin gcaoi ar féidir le hinfheistíocht an Rialtais an leas is mó a bhaint amach go náisiúnta sa todhchaí..

Sé an PBRT a bhaineann le Cathair na Gaillimhe náFRMP Abhantrach (30) na Coiribe

Coirib go Cósta, Scéim Faoisimh Tuilte de chuid  Chathair na Gaillimhe

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an bPlean um Bhainistíocht an Riosca Tuilte agus chun an riosca tuilte i gCathair na Gaillimhe a bhainistiú, tugadh cead ar dul ar aghaidh leis an Scéim Faoisimh Tuilte de chuid  Chathair na Gaillimhe ‘Coirib go Cósta’. Cuireadh tús léi i mí Samhain na bliana 2020 le ceapachán Arups mar Chomhairleoirí Speisialtóra do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun saineolas Innealtóireachta agus Timpeallachta a chur ar fáil ar feadh ré na scéime.

Tá an scéim á bainistiú ag grúpa stiúrtha ar a bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Arups. Agus úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil tríd an gclár CFRAM, déanfaidh sí scéim níos fairsinge a fhorbairt atá inoibrithe maidir le cúrsaí sóisialta, eacnamaíochta, timpeallachta, teicniúla agus aistéiseacha ar leas Cathair na Gaillimhe. Tá Céim 1 na scéime  - Measúnú agus forbairt na roghanna - ar siúl faoi láthair

Tá gach eolas a bhaineann leis an scéim ar fáil ar an suíomh Gréasáin ar leith: www.coiribgocosta.ie

 

Faisnéis a baineann le Tuilte a chur isteach

Má tá aon fhaisnéis ag éinne maidir le tuilte, ba mhór againn dá bhféadfaí á cur ar aghaidh chuig foireann an tionscadail.

Cuirtear fáilte roimh aon fhaisnéis ón am anois nó ón am thart agus is féidir a leithéid a bheith mar grianghraf/fhíseán/scéal/bhriathar beo srl.

Molaimid go mór duit teagmháil a dhéanamh linn má tá aon fhaisnéis agat agus cinnteoimid go ndéanfar gach faisnéis a bhailítear a mheas mar chuid d’fhorbairt na scéime.

Is féidir an fhaisnéis a chur isteach tríd an nasc glaoigh orainn

 

Freagra Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar Thuilte

Má tharlaíonn tuilte suntasacha i gCathair na Gaillimhe, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe a Plean um Bhainistíocht Móiréigeandála a ghairm.

Déanfaidh an Chomhaile teagmháil le gach gníomhaireacht go léir agus bainfidh sí úsáid as gach meán cumarsáide áitiúil agus náisiúnta atá ar fáil dó chun an pobal a chur ar an eolas faoin scéal agus faoi aon fhaisnéis uasdátaithe nuair a thagann sí ar fáil.

Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí dhá shuíomh Gréasáin an-úsáideach a fhorbairt chun cabhrú leat agus tú ag déileáil le himeachtaí na dtuilte.

Flooding.ie Cuireann an suíomh seo faisnéis phraiticiúil maidir leis na contúirtí a mbaineann le tuilte agus na bearta is féidir a dhéanamh chun an dochar a dhéanann a leithéid tuilte a laghdú.

floodinfo.ie – Cuireann an suíomh seo faisnéis ar fáil maidir le ceantair na tíre a d’fhéadfadh a bheith i mbaol tuile