
Céard atá i gceist leis an bhféile?
Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe féile nua ar son na haeráide idir an 12 - 15 Meán Fómhair 2024, an chéad fhéile dá leithéid a bhí eagraithe ag údarás áitiúil in Éirinn. Is féile nuálach, chruthaitheach agus chomhoibritheach í an fhéile Climate Inspirations-Communities in Action ina bhféachtar leis an dearcadh atá ann go bhfuiltear ag gníomhú ar son na haeráide a athrú go dtí beart níos dearfaí. Baintear leas le linn na féile as fuinneamh cruthaitheach na Gaillimhe agus glactar go fonnmhar le cultúr amharclainne, ceoil, taistil ghníomhaigh, spóirt, Gaeilge agus bia na cathrach. Cuirtear cuspóirí atá leagtha amach i bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024-2029 Chathair na Gaillimhe, a glacadh leis le gairid, i gcrích freisin leis an bhféile.
Rinne RTÉ NEWS mír den fhéile a thaifeadadh agus craoladh an mhír ar an Nuacht Náisiúnta ag a 6 agus ag a 9:https://www.rte.ie/news/2024/0914/1470107-galway-climate-festival/
Is féidir breathnú ar fhíseán ghearr ar chainéal youtube Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:https://www.youtube.com/channel/UCJA6X1wAV78VBbbDSp-S5vA
Cé gur féidir teacht ar an gclár iomlán ar www.galwayclimatefestival.ie, áirítear i measc na mbuaicphointí:
- Comhráite agus plé painéil sa Taibhdhearc, An tSráid Láir le cainteoirí éagsúla, ina measc an tIar-Uachtarán Mary Robinson, Philip Boucher Hayes, Ella McSweeney agus go leor eile. Clúdaíodh ábhair ar nós Spórt agus Gníomhú ar son na hAeráide; Sponge City- an chaoi le déileáil le barraíocht báistí i mbailte agus cathracha in Éirinn; Caint ghnó faoi Neodracht carbóin faoi 2030 agus an chaint do Mheánscoileanna “What type of youth activist are you”.
- Turais allamuigh go dtí tionscadail aeráide agus bhithéagsúlachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar nós an tionscadail athchóiriúcháin chun dumhcha a thabhairt ar ais ar Thrá Grattan, tionscadal bó Bhuaile Bó, tionscadal aeráide Éire Ildánach The Air we Share agus an tionscadal Tithe níos teo sa zón Dícharbónaithe.
- Féasta - Tob-fhéasta do 150 duine le haghaidh gnóthas nua sóisialta Enda McEvoy, chef a bhfuil réalta Michelin bainte amach aige, Hinterland West, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus gairdíní pobail na Gaillimhe
- Ceolchoirm dhátheangach sa Taibhdhearc leis an amhránaí is scríbhneoir John Spillane
- Sráid do choisithe á dhéanamh den tSráid Láir, i lár Chathair na Gaillimhe, agus áit spraíúil a dhéanamh di ina bhfuil go leor ealaíne, cluichí agus ceol beo, an banna ceoil Stomptown Brass as Baile Átha Cliath ina measc.
- Dráma amharclannaíochta Sráide nua Aeráide coimisiúnaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar le hAmharclann Fregoli.
- Coimisiún nua le Comhairle Cathrach na Gaillimhe - ‘The sounds of climate change’ leis an ealaíontóir Mark Clare agus an t-éaneolaí Séan Royane
- Margadh athláimhe ar an tSráid Láir ina bhfuil muintir na Gaillimhe in ann gaiséabó a fháil ar cíos agus earraí agus éadaí tí athláimhe a dhíol.
- Slí rothar do theaghlaigh trí shráideanna Chathair na Gaillimhe ina gcuirtear infreastruchtúr nua Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun cinn
- Club féile le ceoltóirí agus DJanna áitiúla.
Cén chaoi a gcuireann an fhéile obair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun cinn?
D’úsáid an fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide an fhéile chun obair na Comhairle Cathrach agus a cuid tionscadal go léir a chur chun cinn, ina measc:
- Leis an infreastruchtúr taistil ghníomhaigh nua agus feabhsaithe, is féidir le páistí dul ag rothaíocht ar bhóithre poiblí faoi stiúir a gcuid tuismitheoirí - ‘ar Dhroichead an Dóchais' agus ar chanáil Eglington
- Dúnadh bóthair na sráideanna spraíúla ar an tSráid Láir agus an feabhas atá le cur ar an bhfearann poiblí faoi Thionscadal Athnuachana na Sráide Trasna (Bhí seastán ag foireann an Fhearainn Phoiblí Dé Domhnaigh agus mheall siad aird an phobail)
- Turais allamuigh go dtí na tionscadail Buaille Bó i mBaile an Locháin, na Dumhcha Gainnimh a thabhairt ar ais ar Thrá Grattan, tionscadal Éire Ildánach ‘The Air we Share’ agus an Net Zero Cities an Taoibh Thiar
- Geilleagar Ciorclach na Gaillimhe leis an margadh athláimhe ar an tSráid Láir agus an cheardlann deisithe éadaí
- An geilleagar oíche le Feasta san Old Print Works mar aon le ábhar coiméide, scéalaíochta agus cúpla DJ in Amharclann agus Beár na Taibhdheirce
- Cur chun cinn na Gaeilge ag cheolchoirm dhátheangach John Spillane agus le linn thaispeántas sráide dátheangach Amharclann Fregoli.
Cén fáth ar reáchtáladh an fhéile?
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh a bheith ina ceannródaí i gcúrsaí Gníomhaithe ar son na hAeráide in Éirinn. Bheartaigh an Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide féile nuálach agus dhearfach a eagrú a mheallfadh daoine linn ar thuras chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le chéile agus cathair spraíúil, shláintiúil agus níos éasca le maireachtáil inti a chruthú agus an am céanna.
Ghlac na Comhaltaí Tofa leis an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide i mí Feabhra 2024, agus áirítear ann 60 gníomh faoina bhféachfar le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoin mbliain 2030 agus an chathair a bheith dícharbónaithe faoin mbliain 2050. Faoi Ghníomh 19 den Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, leagtar amach go mbunófaí féile bhliantúil aeráide le himeachtaí á reáchtáil ar fud na cathrach le haoichainteoirí, ceardlanna, taispeántais gnímh, agus an cultúr agus na healaíona a bheith mar chuid díobh. B'in é díreach a rinne muid.
Tá an fhéile tairbheach mar thionscadal margaíochta áite a chuireann Gaillimh chun cinn mar áit turasóireachta inbhuanaithe agus atá báúil do chúrsaí aeráid.
Mar gurbh é seo an chéad cheann dá chineál in Éirinn, táthar ag súil gur ó neart go neart a bheidh an fhéile ag dul in 2025 le níos mó cainteanna, cruthaitheachta agus caidrimh á gcothú leis an bpobal agus beifear ábalta an Fhéile Aeráide is mó le rá sa tír a thabhairt uirthi.
Cén tionchar a bhí aige?
De réir na suirbhéanna a rinneadh i ndiaidh na féile, is léir gur cheap 46% de fhreagróirí go raibh Féile Aeráide na Gaillimhe Iontach ar an iomlán agus dúirt 37% eile go raibh sí go maith.
Maidir le forbairt inbhuanaithe agus timpeallachta, spreagadh 75% de fhreagróirí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí inbhuanaithe tar éis na féile agus astu sin, bhí 26% díobh den tuairim go bhféadfadh siad labhairt faoi Athrú Aeráide go muiníneach, dúirt 22% go raibh níos mó seans ann go gceannódh siad bia de dhéantús na háite, tá 21% ag súil leis an dramhaíl a bhíonn acu a laghdú, tá sé i gceist ag 15% bealaí níos inbhuanaithe taistil a úsáid, agus tá súil ag 14% uasghrádú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh tí.
I measc na bhfreagraí eile a fuarthas:
“Daoine i mo shaol pearsanta agus mo shaol oibre a spreagadh agus misneach a thabhairt dóibh. Tá tús curtha ó shin agam le tionscnamh Feasachta Aeráide i m’áit oibre.
"Táim spreagtha go háirithe ag scéal dhrioglann Áth Eascrach. Tá sé éasca do mhisneach a chailleadh agus fáil tuirseach de bheith dian ort féin i dtaobh na n-athruithe a dhéanann tú féin go pearsanta chun nach mbeidh tionchar agat ar an aeráid. Ach nuair a chloiseann tú scéal spreagúil, tugann sé cúnamh duit fanacht ar an mbóthar ceart agus oibriú i dtreo thodhchaí inbhuanaithe.”
Dúirt 80% de fhreagróirí gur éirigh leis an bhféile an dearcadh atá ag daoine maidir le hathrú aeráide a athrú go dtí dearadh dearfach, agus mhothaigh 83% gur éirigh léi gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn sa gcathair.