Tionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire Comhairliúchán Poiblí

Graphic of proposed Renmore Park

Is údar áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tús a chur le comhairliúchán neamhreachtúil sé seachtaine agus le rannpháirtíocht phoiblí maidir leis an Tionscadal nua, Páirc Chomharsanachta na Rinne Móire. Cuirtear fáilte roimh chuile bharúil agus aiseolas.

 

Is deis iontach atá i dTionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire na spásanna glasa éagsúla atá ar fud na Rinne Móire a athshamhlú agus a nascadh. Beidh athruithe móra i gceist don Rinn Mhór, do Bhaile an Locháin, agus do Loch an tSáile mar thoradh ar an tionscadal seo. Samhlaítear go gcruthófar spásanna glasa inrochtana, nasctha, poiblí leis an tionscadal seo, ina gcuirfear plandaí a thacóidh leis an mbithéagsúlacht agus lena dtógfar cosáin a bheidh oiriúnach do dhaoine aosta agus do dhaoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu, chomh maith le spásanna súgartha agus scíthe.

 

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an bhFoireann Deartha cuireadh a thabhairt duit freastal ar chomhairliúchán poiblí ‘buail isteach’:

 

Dáta: Dé Céadaoin an 12 Feabhra 2025

Am: 1in go 8in

Ionad: Ionad Pobail na Rinne Móire, Ascaill na Rinne Móire, Gaillimh, H91 W259

 

Tugtar cuireadh don phobal, lena n-áirítear daoine a bhfuil cónaí orthu sa gceantar agus úinéirí gnó áitiúla, freastal ar an ócáid. Beidh seans ag an lucht freastail na pleananna a phlé agus ceisteanna a chur, agus aiseolas a roinnt leis an bhFoireann Deartha. 

 

Cuideoidh tuairimí an phobail linn todhchaí an cheantair a mhúnlú lena chinntiú go bhfreastalófar ar riachtanais an phobail áitiúil anois agus sna blianta atá amach romhainn.

 

Is féidir tuilleadh a léamh faoin tionscadal, lena n-áirítear sonraí faoi chomhairliúcháin phoiblí agus faoi cheisteanna dearaidh, ar shuíomh gréasáin an tionscadail: www.RenmorePark.com.