Measúnuithe BER á gcur ar fáil saor in aisce do theaghlaigh trí thionscadal de chuid an AE ag féachaint le héifeachtúlacht fuinnimh áras cónaithe i gCrios Dícharbónaithe na Gaillimhe a mhéadú.

WarmHomeHub Employees

Sandra Riordan (WarmHomeHub) agus Kieran Cunnane (WarmHomeHub)

Tá Cathair na Gaillimhe páirteach i gClár Chathracha Píolótacha NetZeroCities, tionscnamh atá maoinithe ag an Eoraip agus atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do chathracha a n-astaíochtaí carbóin a laghdú. Díríonn tionscadal Chathair na Gaillimhe ar éifeachtúlacht fuinnimh áras cónaithe agus tá triail á mbaint as roinnt smaointe, atá dírithe ar úinéirí áras cónaithe a spreagadh chun a n-árais chónaithe a iarfheistiú, i gCrios Dícharbónaithe na cathrach, a chlúdaíonn na ceantair seo; an Taobh Thiar, Seantalamh, Rathún agus an Caisleán Nua.  

 

Tá ‘ionad ilfhreastail’ pobail ar a dtugtar an Warm Home Hub bunaithe ar an Taobh Thiar chun teaghlaigh atá sa gCrios Dícharbónaithe a threorú tríd an bpróiseas iarfheistithe. Chomh maith le heolas a thabhairt faoi na deontais atá ar fáil, faoi ríomhanna coigilte costais agus faoi na roghanna iarfheistithe atá ar fáil d’árais chónaithe, tá an Warm Home Hub ag tairiscint measúnuithe BER saor in aisce do theaghlaigh ar mhaith leo tuilleadh eolais a fháil faoi éifeachtúlacht fuinnimh a n-árais chónaithe.  

 

Is éard a dúirt Sharon Carroll ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, phríomh-chomhpháirtí i dtionscadal NetZeroCities na Gaillimhe, ‘Tá sé ríthábhachtach rátáil BER d’áras cónaithe a bheith ar eolas agat chun éifeachtúlacht fuinnimh do bhaile a thuiscint agus is féidir é a úsáid chun cúnamh a thabhairt duit réimsí a aithint inar féidir feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh.’

 

Dúirt sí freisin ‘Mar chuid den tseirbhís tacaíochta a chuireann an Warm Home Hub ar fáil, tá measúnuithe BER saor in aisce á gcur ar fáil do theaghlaigh atá ag smaoineamh ar iarfheistiú a dhéanamh i gCrios Dícharbónaithe Chathair na Gaillimhe. Is deis iontach é seo do theaghlaigh níos mó a fhoghlaim faoin gcaoi a n-úsáideann siad fuinneamh ina n-árais chónaithe agus faoi na roghanna uasghrádaithe fuinnimh is oiriúnaí dóibh féin’.  

 

Tá tuilleadh eolais agus mapa de limistéar an tionscadail ar fáil ar warmhomehub.ie.  Má tá cónaí ort sa gceantar agus má tá suim agat in uasghrádú fuinnimh baile, cuir tús leis an bpróiseas inniu trí theagmháil a dhéanamh leis an Warm Home Hub ar an uimhir (085) 1986975 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig Info@WarmHomeHub.ie.   Iarrfar ar theaghlaigh suirbhé a líonadh amach ar a n-árais chónaithe ar dtús agus socrófar measúnú BER ansin. Tá srian ar líon na measúnaithe saor in aisce atá ar fáil mar sin ná déan aon mhoill! 

 

Is seirbhís saor in aisce é an Warm Home Hub a mhaoinítear trí Chlár Chathracha Píolótacha an Aontais Eorpaigh do Net Zero Cities an AE, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Comharchumann Fuinnimh na Gaillimhe, Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair agus Ollscoil na Gaillimhe.