Lá na hAfraice 2025

Africa Day Logo

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Foireann Lá na hAfraice agus Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, ag fáil réidh do cheiliúradh bríomhar Lá na hAfraice ar an 25 Bealtaine 2025. Tá Lá na hAfraice ag dul ó neart go neart i gCathair na Gaillimhe ón gcéad uair a cuireadh ar bun é, agus i mbliana táthar ag súil go mbeidh an ceiliúradh níos fearr fós i ndiaidh chomh maith agus a d’éirigh leis an ócáid sna blianta go dtí seo.

Táthar ag glacadh le hiarratais anois ó ghrúpaí agus eagraíochtaí atá ag iarraidh imeacht, tionscnamh nó ceiliúradh Lá na hAfraice a óstáil i gCathair na Gaillimhe. Ba cheart go mbeadh na himeachtaí ar siúl chomh gar agus is féidir do Lá na hAfraice 2025, agus más féidir, sna deich lá roimh Dé Domhnaigh an 25 Bealtaine 2025 nó sna deich lá ina dhiaidh. 

Is é Dé hAoine an 14 Feabhra 2025 an spriocdháta chun iarratais a chur isteach.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh téigh chuig https://www.galwaycity.ie/ga/services/pobal/la-na-hafraice .