
Déan iarratas anois ar Dheontas CAIRDE 2025!
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais anois ar Dheontas Gníomhaíochta Pobail, Cuimsiú, Athghiniúint, Forbairt agus Comhshaoil CAIRDE 2025. Cuireann an deontas seo tacaíocht airgeadais ar fáil do ghrúpaí pobail, deonacha, spóirt, fiontair shóisialta agus grúpaí cumainn ghnó chun tionscadail a chur ar fáil a chuireann feabhas ar phobail áitiúla agus a fheabhsaíonn cáilíocht na beatha.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
- Grúpaí pobail, deonacha agus spóirt, fiontair shóisialta agus cumainn ghnó i gCathair na Gaillimhe.
- Níl eagraíochtaí san earnáil phoiblí ná d'eagraíochtaí brabúis incháilithe.
Cad iad na cineálacha tionscadal a mhaoinítear?
- Forbairt phobail, tionscnaimh chultúrtha agus cur chun cinn na Gaeilge
- Athghiniúint spásanna poiblí agus áiseanna áitiúla
- Tionscadail a chuireann cuimsiú agus inrochtaineacht chun cinn
- Inbhuanaitheacht chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide
- Forbairt eacnamaíoch áitiúil agus turasóireacht
Cé mhéad a mhaoinítear? Athraíonn méid an deontais ag brath ar chatagóir an tionscadail. Tacaíonn an ciste le raon leathan tionscadal, ó thionscnaimh bheaga phobail go tograí athghiniúna ar scála níos mó.
Spriocdháta d'Iarratais: Ní mór gach iarratas a chur isteach ar líne https://submit.link/3wq faoi 4:00i.n. ar an Déardaoin 17 Aibreán 2025.
Chun tuilleadh eolais a fháil, lena n-áirítear treoirlínte na scéime, téigh isteach ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: