Ceardlann Páirtithe Leasmhara - Tionscadal Athnuachana na Sráide Trasna

Test image only

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do pháirtithe leasmhara a bheith páirteach i gceardlann neamhreachtúil do pháirtithe leasmhara maidir le Tionscadal Athnuachana na Sráide Trasna.

Tá an tionscadal seo ag céim an deartha agus tá sé mar aidhm leis an sráid-dreach a fheabhsú agus feabhas a chur ar insiúltacht cuid den tSráid Trasna, an tSráid Láir, Bóithrín na Bláthaí, Slí na Bláthaí agus Sráid na Súdairí.

Is é cuspóir an imeachta buail isteach seo ná breac-chuntas a thabhairt ar na roghanna atá á mbreithniú do na sráideanna seo agus aiseolas a fháil, go háirithe ón bpobal sa gceantar sin.

Tugtar cuireadh do dhuine ar bith ar mhaith leo a gcuid tuairimí a chur in iúl teacht chuig Amharclann Mick Lally  ar Lána an Draoi am ar bith idir 11:00 a.m. agus 7:00 p.m. Dé Céadaoin an 15 Eanáir.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal ar Tionscadal Athnuachana na Sráide Trasna | Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Is féidir le duine ar bith a bhfuil ceisteanna acu faoin tionscadal nó faoin imeacht ríomhphost a sheoladh chuig urbanism@galwaycity.ie