
Cad is Buiséad Rannpháirtíochta ann: Abair leat?
Is próiseas daonlathach é an Buiséad Rannpháirtíochta a chuireann ar chumas pobail áitiúla ionchur díreach a bheith acu i leithdháileadh cistí poiblí.
Sannfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe céatadán dá buiséad bliantúil don Bhuiséid Rannpháirtíochta Pobail. Is é an méid a cinneadh ar dtús le haghaidh 2025 – 2029 ná €25,000 in aghaidh na bliana. Lorgófar tograí ó phobail agus ó chónaitheoirí san ord seo a leanas: Bliain 1 an tOirthear, Bliain 2 an Lár agus Bliain 3 an tIarthar.
Faoin tionscnamh nua tabharfar seo deis d'áitritheoirí Chathair na Gaillimhe tograí faoi thionscadail dá bpobal áitiúil a chur chun cinn. Cuirfear na tograí seo ar ghearrliosta agus cuirfear ar vóta poiblí iad as a ndéanfar cinneadh faoin tionscadal buacach.
Conas a n-oibríonn sé?
D’iarr Comhairle Cathrach na Gaillimhe aighneachtaí a dhéanamh ar líne ag www.galwaycity.ie trí fhoirm iarratais a comhlánú. Dúnadh an nasc chun iarratas a chur isteach ar an 7 Feabhra 2025 ag 4:00pm.
Tá moltaí measaithe ag Comhairleoirí Ceantair agus ag foireann na Comhairle bunaithe ar leas agus féidearthacht an Phobail. Gheobhaidh tú thíos achoimre ar na tionscadail atá ar an ngearrliosta.
TIONSCADAL UIMHIR 1 - Glasú na Lánaí ag an Sean Bhaile Doughiska.
Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun dul i gcomhpháirtíocht le cónaitheoirí áitiúla agus le daoine óga chun ceantair áitiúla a athrú ina lanaí cathrach “glasa” agus iad a chlaochú ina spásanna bríomhara, spraíúla agus neamhdhíobhálacha don dúlra don phobal ar fad.
TIONSCADAL UIMHIR 2 - Uasghrádú Clós Súgartha Mervue
Trealamh súgartha inrochtana a shuiteáil agus feabhsúcháin inrochtaineachta foriomlána ag Clós Súhartha Mervue.
TIONSCADAL UIMHIR 3 - Uasghrádú lána ag Acomal Pháirc Foraoise Tír Oiléain agus Eastát Radharc an Chorráin.
Chun airde an colbha a mhodhnú chun inrochtaineacht a fheabhsú ag an mbealach isteach chuig an bpáirc agus chun uasghrádú a dhéanamh ar an mbóthar chun uisce seasmhach ag an mbacainn a chosc.
Vótáil Phoiblí - Oscailte Anois
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh don phobal cinneadh a dhéanamh anois ar na tionscadail atá ar an ngearrliosta a rachaidh chun tairbhe don phobal áitiúil. Tá vótáil oscailte don phobal anois agus is féidir leat do vóta a chaitheamh don tionscadal is fearr leat trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: https://submit.link/3xW. Dúnfar an vótáil ar an 17 Aibreán 2025 ag 4.00 pm. Roghnóidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal leis an líon is mó vótaí lena chur i bhfeidhm.