Uasghrádú ar An tSráid Ard le Tosú an tSeachtain Seo Chugainn

High Street Upgrade to Start Next Week

Cuirfear tús le hobair uasghrádaithe ar An tSráid Ard an tseachtain seo chugainn, mar chuid d’oibreacha athchóiriú na sráide agus na draenála i gceantar coisithe Chathair na Gaillimhe. Bainfidh an obair ar dhromchlaí míchothroma agus linnte uisce dromchla den tsráid, ag tabhairt chun cinn uasghrádú a bhfuil géarghá leis ar cheann de na sráideanna is gnóthaí sa chathair. Cuirfear an obair i gcrích ina dhá chéim - Céim A agus Céim B. Tá sé beartaithe oibreacha Céim A (An tSráid Ard Íochtarach) a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair agus i mí Shamhain na bliana 2024. Críochnófar oibreacha Céim B (An tSráid Ard Uachtarach) i mí Eanáir agus mí Feabhra na bliana 2025.  Ní dhéanfar aon obair i mí na Nollag ná thar thréimhse na Nollag. Atosófar leis an obair ar an 10 Eanáir 2025, agus críochnófar iad den chuid is mó faoi dheireadh mhí Feabhra. Glacfar gach beart is gá chun a chinntiú nach gcuirfear isteach ach an méid is lú agus is féidir ar na gnóthais agus ar an bpobal agus ionas a chinntiú gur féidir seachadadh na n-earraí isteach agus amach a dhéanamh.

Ag labhairt dó faoin obair, dúirt Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tosaíodh ar an obair i gceantar na gcoisithe sa mbliain 2019, agus tá dul chun cinn déanta i sciaranna ar leith de, mar gur léir gur cheart tabhairt faoin obair le linn amach seachas an tsamhraidh. agus tréimhse trádála na Nollag. D’oibrigh an cur chuige seo go maith go dtí seo, le comhoibriú gach geallsealbhóir – agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a leithéid de thacaíocht a fuaramar uathu go dtí seo. Tá conraitheoir ceaptha chun an chéad chéim eile den obair a chur chun cinn, rud atá le tosú an tseachtain seo chugainn, agus beidh an obair in ann dul ar aghaidh i ndiaidh dhúnadh foirmiúil an bhóthair. Bhí an fhoireann Iompar i dteagmháil le gnólachtaí na háite agus leis na geallsealbhóirí i ngarchomharsanacht limistéar na hoibre, agus leanfar leis an gcur chuige seo ar feadh an tionscadail, le pointe teagmhála ar leith ar fáil 24 uair sa lá. Déanfar cuid den obair faoin talamh – ar nós uasghráduithe draenála agus sna eirbhísí fothalamh chomh maith le talamh bhog a bhaint as - agus cuirfidh an obair seo feabhas mór ar an tsráid nuair bheadh sé críochnaithe”.

Tá Oifigeach Teagmhála le Custaiméirí á cheapadh ag an gconraitheoir agus beidh sé ar fáil 24 uair sa ló, seacht lá na seachtaine, chun glaonna a ghlacadh agus aghaidh a thabhairt ar aon ábhar imní nó aon cheist á tharraingt anuas ag geallsealbhóirí, ag lucht cónaithe agus ag an bpobal, ar (087) 619 2134. Beidh an tOifigeach Teagmhála le Custaiméirí agus an t-ionadaí suímh ceaptha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil le linn na n-oibreacha ag oifig an tsuímh.

Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas a ghlacadh leis na gnólachtaí agus leis an bpobal as a gcuid tacaíochta agus a gcuid comhoibrithe leanúnach chun mír chriticiúil an bhonneagair a sheachadadh, rud a dhéanfaidh an tsráid níos sábháilte agus níos compordaí do gach úsáideoir.   

 

Obair Athchóirithe agus Draenála Sráide, An tSráid Ard - Conradh Uimh. 11 - Léarscáil Suímh

Obair Athchóirithe agus Draenála Sráide, An tSráid Ard - Conradh Uimh. 11 - Léarscáil Suímh

 

Oibreacha Athchóiriú na Sráide agus Uasghrádú na Draenála, An tSráid Ard - Conradh Uimh. 11 - Pleananna Bainistíocht na Tráchta.

Oibreacha Athchóiriú na Sráide agus Uasghrádú na Draenála, An tSráid Ard - Conradh Uimh. 11 - Pleananna Bainistíocht na Tráchta.