Uasghrádú ar Acomhal an Chorráin / Bhóthar Na Mara le Tósu

The Crescent New Junction

Cuirfear tús le hoibreacha chun acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara a fheabhsú ón Luain, 7ú Deireadh Fomhair, 2024. Tá sé sceidealta go mairfidh na hoibreacha seo ar feadh chúig mhí.

Cuirfear breis sábháilteachta ar fáil leis an scéim seo do choisithe, do lucht taistil ar rothaí agus do lucht rothaíochta, ar a n-áirítear úsáideoirí soghonta na mbóithre agus páistí. Áirítear ar na hoibreacha sin tógáil dhá thrasrian nua coisithe, cosán nua ar an taobh thiar den bhóthar, agus bearta nua sábháilteachta. Tá bearta tírdhreachta san áireamh sa tionscadal chomh maith.

Tá an tionscadal seo arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus arna sheachadadh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá conraitheoir á cheapadh chun na hoibreacha a chur i gcrích.

Nuashonrófar na cónaitheoirí de réir mar a théann an scéim seo ar aghaidh agus déanfar gach dícheall chun cur isteach a íoslaghdú i gcaitheamh na n-oibreacha seo. Gabhaimid ár leithscéal roimh ré as aon mhíchaoithiúlacht agus gabhaimid ár mbuíochas libh as bhur gcomhthuiscint.


Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach an leathanach gréasáin seo. Má bhíonn aon fhiosruithe nó ceisteanna agaibh, ná bíodh aon leisce oraibh r-phost a chur chuig activetravel@galwaycity.ie nó glaoch orainn ag 091 536400.