Tráthnóna eolais faoi Thithíocht Inacmhainne, Dé Luain, an 25 Samhain 2024

Info Evening Graphic

Beidh tráthnóna eolais, ar féidir seasamh aige, faoi Thithíocht Inacmhainne á eagrú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe Dé Luain, an 25 Samhain 2024, 4-8 i.n. in óstán an Connacht Hotel ar Sheanbhóthar Bhaile Átha Cliath. 

Beidh baill foirne ar fáil an tráthnóna sin le bualadh le daoine den phobal agus roghanna maidir le tithíocht inacmhainne a phlé. Beidh Burkeway Homes i láthair freisin le heolas maidir leis an gcéad sciar d’Aonaid Inacmhainne atá á gcur ar fáil i gCathair na Gaillimhe le deich mbliana anuas agus níos faide. 

Meastar go mbeidh árais i bhforbraíocht Gharraí na Sailí ar Bhóthar na Leitrí ar fáil i rith shamhradh na bliana 2025. Is féidir clárú don tráthnóna eolais anois ar GalwayCity.Affordable-Evening