Toscaireacht as Weimar na Gearmáine ag Baint Fad as an nGrian is iad ag Cur Crainn

Weimar, Germany Contingent Officially Welcomed to Galway at a Tree Planting Ceremony in Terryland Forest Park

Cuireadh fáilte oifigiúil roimh 165 cuairteoir speisialta as Weimar na Gearmáine inniu. Is iar-Phríomhchathair Chutúir na hEorpa atá i Weimar agus de nós acu le fiche cúig bliain anuas cuairt a thabhairt ar iar- Phríomhchathracha Chutúir le Crann Dlúthchairdeas a chur. Ar ndóigh, thit an lug ar an lag i 2020 mar gheall ar an ngéarchéim sláinte agus chinn orthu cuairt a thabhairt. Ach ní dhearna siad dearmad ar Ghaillimh!

 

I bPáirc Foraoise Thír Oileáin ar an 6 Meán Fómhair 2024, cuireadh trí chrann giúise ar leith – giúis dúchasach Éireannach a ceapadh díothaithe le míle go leith bliain. I 2021, léirigh eolaithe as Ollscoil na Tríonóide trí hainilíse DNA go raibh siad beo beithíoch agus iad á gcur chun cinn go forleathan ar fud na tíre. Tugadh stoc úr isteach as Albain na céadta bliain siar ach tá an stoc dúchasach níos sine ná an oighearaois deireanach a chríochnaigh 10,000 bliain ó shin.

 

 Sa bhfótagraif tá Méara Chathair Weimar Peter Kleine, Méara Chathair na Gaillimhe, Peter Keane, leas-Mhéara  Chathair Weimar Ralf Kursten, Comhordaitheoir an Ghrúpa Taistil Hartmut Eckhardt.