Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag Leithdháileadh €560,242 do 19 dTionscadal Gníomhaíochta Aeráide Pobail

Galway City Council allocate €560,242 to 19 Community Climate Action Projects

Tacóidh an leithdháileadh le réimse leathan eagraíochtaí pobail i réimsí amhail dramhaíl fuinnimh, bithéagsúlacht agus taisteal gníomhach.

Tá Comhairle na Gaillimhe tar éis maoiniú de €560,242 a bhronnadh ar 19 ngrúpa pobail chun tabhairt faoi thionscadail gníomhaíochta aeráide pobail. Tugann an maoiniú a cuireadh ar fáil ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi Chiste Gníomhaíochta Aeráide Pobail deis pobail ísealcharbóin a thógáil, atá frithsheasmhach in aghaidh athrú aeráide, agus tionchar athraithe aeráide amach anseo a laghdú agus iad ag obair i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe.

Leithdháileadh €445,890 ar 15 ghrúpa pobail i gCathair na Gaillimhe faoi Shnáithín 1 den Chiste seo. Rinneadh leithdháileadh breise de €114,352 faoi Shnáithín 1a le haghaidh tionscadail tras teorann agus tionscadail oileán comhroinnte, do 4 thionscadal gníomhaíochta aeráide a raibh 2 ghrúpa pobail i gCathair na Gaillimhe agus 2 i gCo. Fhear Manach, Tuaisceart Éireann, páirteach iontu.

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Éamon Ryan:

"Tá ríméad orm tacú leis na tionscadail áitiúla ríthábhachtacha seo faoin gClár Gníomhaíochta Aeráide Pobail, ciste mórtábhachtach atá ag cur €24 milliún ar fáil do thionscadail ghníomhaíochta aeráide ar fud na hÉireann, mar aon le ranníocaíocht €3 mhilliún ó Chiste Oileán Roinnte an rialtais. Tá aithne níos fearr ag pobail agus ag údaráis áitiúla ar na gníomhaíochtaí aeráide is fearr a oibríonn ina gceantar féin, agus is féidir leo na réitigh aeráide is éifeachtaí a chur i bhfeidhm go háitiúil. Táim ag súil leis an tionchar claochlaitheach a imreoidh na tionscadail seo, ní hamháin i dtaca le dul i ngleic le hathrú aeráide, ach le cathracha, bailte agus sráidbhailte níos fearr a chruthú mar áiteanna ina mbeidh cónaí agus obair níos compordaí.

Dúirt Tiarnán McCusker, Oifigeach Gníomhaíochta Aeráide Pobail le Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

"Tá tionscadail bronnta i ngach cuid den chathair, lena n-áirítear tionscadail nuálacha mar shampla both scótaí as an eangach, scéimeanna leabharlainne rothar, naíolann crann dúchasach, agus tionscadail painéal gréine ar scála mór. Creideann Comhairle Cathrach na Gaillimhe gur féidir an ciste seo a úsáid mar ardán tosaigh do ghníomhartha aeráide pobail breise agus táimid ag súil le bheith ag obair leis na tionscadail aonair.

Is féidir liosta iomlán na dtionscadal a fháil anseo:

Tionscadail Ciste Gníomhaíochta Aeráide Pobail 2024

Snáithe 1 Cathair na Gaillimhe

 

Tionscadail Bheaga (0-€20,000)
Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe

  • Gairdín glasraí ar bharr an dín agus iarfheistiú soilsithe LED -€20,000
  • Cope Gaillimh Pointe luchtaithe feithiclí leictreacha ag Lónadóireacht Phobail- €1,760
  • Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe Scéim Rothar Teaghlaigh ar Cíos- €6,000
  • Link Galway CLGUasghrádú Inbhuanaitheachta Cafe Link- €10,640
  • Shining LightScéim Roinnte Rothar Shining Light Cycle For Justice-€6,000

 

Tionscadail Mheánacha (€20,000- €51,000)

  • Salthill Handball club Uasghrádú Fuinnimh ar Fhoirgneamh Chlub Liathróid Láimhe na Gaillimhe -€25, 500
  • Cancer Care West Clár Gníomhaithe ar son na hAeráide Cancer Care West- €43,000
  • Westside resource centre The Solar Roof Project- €21,000
  • St Patricks Band Hall Tionscadal Fuinnimh In-athnuaite agus Cónaí Inbhuanaithe an Seomra Ceoil-€33,000
  • Ballybane Community Centre Soláthar Grianphainéal- €21,000
  • Renmore Development association Gairdín Orgánach Pobail Bhaile an Lochaín- €35, 000

 

Tionscadail Mhóra (€51,000- €100,000)

  • St Joseph's Community Centre Ltd Tionscadal Athléimneachta In-athraithe Aeráide Saint Josephs Community Centre €51,000
  • Seirbhís Óige Uimh. 4 Uasghrádú Fuinnimh agus Cur Chun Cinn Sláinte Pláinéadach €64,900
  • Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach CLG Claochlú Fuinnimh Inbhuanaithe agus Taisteal Gníomhach ag Club SKGAA €51,000
  • 1ú Port na Gaillimhe Gasóga Mara 1ú Port na Gaillimhe Gasóga Mara Tionscadal Bothán Gasóg Neamhspleách €56,090

Iomlán €445,890

 

Snáithe 1a, Maoiniú an Oileáin Chomhroinnte

  • Tuatha of Terryland Forest Park, Cathair na Gaillimhe Friends of Little woods, gCo. Fear Manach Nature without Borders €23,980.31
  • DRA Family resource Centre, ARC Healthy Living Centre, Baile an Irbhinigh, gCo. Fear Manach Tionscadal Gníomhaíochta Aeráide na Gaillimhe agus Fhear Manac €90,372


Iomlán €114,352