Seachtain um Chuimsiú Sóisialta Chathair na Gaillimhe 2024

Galway City Social Inclusion Week 2024

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuiridh do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí pobail ócáidí a reáchtáil le linn na seachtaine a dhéanann machnamh ar an téama seo agus conas is féidir le do eagraíocht nó grúpa tacú níos fearr le riachtanais daoine faoi mhíchumas a bheith san áireamh i ngach gné den phobal.
 Beidh gach imeacht curtha san áireamh sa gclár agus tarraingeofar aird ar ghníomhaíochtaí uile na seachtaine agus cuirfear chun cinn iad.

 

Cén fáth ar chóir dom páirt a ghlacadh?

Is deis iontach a bheidh sa tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta chun do chuid oibre den scoth a chur ar taispeáint. Bheadh súil againn trí oibriú le chéile go mbeimid ábalta ardán a thabhairt don obair mhaith go léir a bhíonn ar siúl i gCathair na Gaillimhe.

 

Cén chaoi ar féidir páirt a ghlacadh?

Tá an foirm iarratais ar fáil anseo.  Seol ar ais chugainn í ar ríomhphost chuig: breda.burke@galwaycity.ie roimh an 20th Mean Fómhair 2024.

Foirm Iarratais