FÓGRA I DTAOBH BREITHNIÚ A DHÉANAMH AR SCÉIM A SHOCRÚ CHUN RÁTAÍ A LAGHDÚ I LEITH MAOINE FOLMHA

NOTICE OF CONSIDERATION OF SETTING A SCHEME FOR THE ABATEMENT OF RATES IN RESPECT OF VACANT PROPERTI

Déantar foráil shonrach in alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019, go bhféadfaidh comhaltaí tofa d’údarás áitiúil scéim a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le rátaí a laghdú i leith réadmhaoine folmha agus go gceadófar scéim den sórt sin ag cruinniú buiséid an údaráis áitiúil, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil a mbeidh feidhm ag an scéim maidir léi.

 

Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe breithniú ar scéim lena ndéantar foráil do laghdú ar rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus beidh feidhm ag an scéim sin sa bhliain airgeadais áitiúil 2025.

 

Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal maidir leis an ábhar seo ina gclúdaítear go sonrach na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag scéim lena bhforáiltear do laghdú rátaí i ndáil le réadmhaoin fholamh ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil

 

Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi 5pm Déardaoin, an 26 Meán Fómhair 2024 agus iad a sheoladh ar ríomhphost chuig: rates@galwaycity.ie

nó tríd an bpost chuig:

SCÉIM CHUN RÁTAÍ A LAGHDÚ I LEITH MAOINE FOLMHA ROINN RÁTAÍ TRÁCHTÁLA,

ROINN AIRGEADAIS,

HALLA NA CATHRACH,

BÓTHAR AN CHOLÁISTE,

GAILLIMH

H91 F798

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.galwaycity.ie

 

Sínithe:            Leonard Cleary,

                        Príomh-Fheidhmeannach,

                        Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Dar dáta: 12ú Meán Fómhair 2024