Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2025

Community Monuments Fund 2025

Ciste Séadchomharthaí Pobail 

Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail in 2020 chun infheistíocht a sholáthar in oidhreacht seandálaíochta na hÉireann.

Tá caipiteal riachtanach á infheistiú ag an gCiste Séadchomharthaí Pobail inár n-oidhreacht seandálaíochta chun cabhrú le húinéirí agus caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne.

Beidh maoiniú iomlán €7,400,000 ar fáil go náisiúnta do thionscadail faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail in 2025.

Is iad príomhaidhmeanna an Chiste ná caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur i láthair séadchomharthaí seandálaíochta. Déanfaidh sé:

  • cumasú ar oibreacha caomhantais a dhéanamh ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht phráinneach uathu;

  • seasmhacht a thógáil inár séadchomharthaí le cur ar a gcumas tionchair an athraithe aeráide a sheasamh;

  • rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú.

Tá 3 Shruth ag Ciste na Séadchomharthaí Pobail:

Tairgeann Sruth 1 deontais suas le €100,000 atá dírithe ar dheisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú.

Tairgeann Sruth 2 deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuairiscí/Measúnaithe Bainistíochta Caomhnaithe agus Mionsonraíocht Oibreacha a fhorbairt atá dírithe ar bhearta a aithint do chaomhnú agus do chothabháil séadchomharthaí seandálaíochta.

Tairgeann Sruth 3 deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana, tionscadail léirmhínithe agus oibreacha éigeandála caomhnaithe mionscála ag séadchomharthaí seandálaíochta a fheabhsú.

Tá sonraí iomlána an Chiste leagtha amach sa Lámhleabhar agus sna doiciméid ábhartha. Féach naisc thíos le do thoil.

Gheofaí tionscadail incháilithe as na catagóirí seo a leanas: 

a) tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil a bhaineann le séadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, i gcás ina bhfuil béim shoiléir oidhreachta agus leas pobail nó poiblí léirithe; 

b) tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil de bharr iarratas ó iarratasóirí príobháideacha atá ina n-úinéirí nó ina gcaomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iomchuí i gcás ina bhfuil leas poiblí follasach ann; 

c) tionscadail a bhfuil béim oidhreachta sainithe go soiléir acu agus a bhfuil leas pobail nó poiblí acu, atá molta go díreach don Roinn ag eagraíocht státmhaoinithe atá ag obair in earnáil na hoidhreachta.

Tugtar cuireadh d’Údaráis Áitiúla agus d’iarratasóirí ábhartha iarratais agus measúnuithe a chur isteach chuig cmf@housing.gov.ie roimh an spriocdháta.

Ba chóir d’iarratasóirí príobháideacha nó grúpaí pobail ar úinéirí/caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad na doiciméid riachtanacha a chur faoi bhráid a nÚdarás Áitiúil tráth nach déanaí ná an 27 Eanáir 2025.

Déanfaidh an Roinn measúnú ar iarratais ansin agus cuirfear Údaráis Áitiúla ar an eolas faoi thionscadail rathúla chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Tá Leabhrán Treorach Ciorclán CMF 2025, an Fhoirm Iarratais agus an Lámhleabhar ar fáil le híoslódáil thíos.

Document Community Monuments 2025 - Handbook CMF2025_GAE.pdf (PDF, 661.49KB) Document Community Monuments Fund 2025 - Application Form CMF-A_GAE.doc (DOC, 891.5KB) Document Community Monuments Fund 2025 - Appraisal Form CMF-B_GAE.doc (DOC, 896KB) Document Community Monuments Fund 2025 - Recoupment Claim Form CMF-C_GAE.docx (DOCX, 72.97KB)