
Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh chinntí dearfacha an Bhoird Pleanála maidir le toiliú a thabhairt don tionscadal BusConnects na Gaillimhe: Nasc Traschathrach (Bóthar na hOllscoile go Bóthar Bhaile Átha Cliath).
Is cloch mhíle shuntasach é an tionscadal seo i bhforbairt na cathrach. Soláthróidh sé bonneagar feabhsaithe siúil, rothaíochta agus bus feadh conaire soir-siar trí Lár Chathair na Gaillimhe.
Tá cinneadh an Bhoird á mheas ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus beidh sí i dteagmháil le páirtithe leasmhara, le hionadaithe tofa agus leis an bpobal maidir leis na chéad chéimeanna eile in am trátha.