Bhí an-oíche go deo ag pobail Chathair na Gaillimhe ag na Gradaim Spaces for Biodiversity 2024

Spaces for Biodiversity winners with their plaques

 

Reáchtáladh céad ócáid Ghradaim Chomórtas ‘Spaces for Biodiversity’ Chathair na Gaillimhe Dé Máirt an 3 Nollaig in Óstán Chuan na Gaillimhe. Tá an comórtas á eagrú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun aitheantas agus ceiliúradh a dhéanamh ar iarrachtaí cónaitheoirí ar fud na cathrach tús áite a thabhairt don bhithéagsúlacht ina ngairdíní, ina n-eastáit agus ina limistéir phoiblí. Bhí Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir  Peter Keane i láthair chun na duaiseanna a bhronnadh.

In ionad chomórtas na nGairdíní Slachtmhara atá ar siúl le fada an lá, spreag an t-athrú formáide seo, a chuir an comórtas i dtreo feasacht agus léirthuiscint a mhúscailt ar na buntáistí éiceolaíocha agus folláine a bhaineann le glacadh le bithéagsúlacht, samhlaíocht an phobail i ndáiríre le roinnt samplaí den scoth de mhuintir na Gaillimhe ag bainistiú a ngairdíní féin chun bithéagsúlacht a spreagadh agus chun cumas na gceantar seo gníomhú mar chonairí éiceolaíochta don chathair i gcoitinne a fheabhsú.
Dúirt comhordaitheoir an chomórtais, Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ‘gur theastaigh uainn an comórtas seo a ailíniú níos mó lenár bPleananna Gníomhaíochta Bithéagsúlachta áitiúla agus náisiúnta, lenár bPlean Pailneora Uile-Éireann agus go deimhin lenár bPleananna Gníomhaíochta Aeráide agus is cuid mhór de sin obair daoine aonair agus obair na bpobal a aithint agus a chur chun cinn chun bithéagsúlacht a fheabhsú ar fud na cathrach. Tá mé thar a bheith sásta leis na hiontrálacha go léir, agus is teist iad ar an mórtas atá ar dhaoine i gcathair na Gaillimhe, agus ar na spásanna atá inti.’ 


Chomh maith leis sin, d’éirigh go hiontach le cór Rang 3 Scoil Íde a chuir meascán de charúil na Nollag ar fáil do gach duine a bhí i láthair agus a spreag spiorad na féile iontu. Is éard a dúirt Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, “Is mór an onóir dom na teastais seo a bhronnadh ar na buaiteoirí anocht agus tá bród agus meas as cuimse léirithe ag gach buaiteoir don timpeallacht nádúrtha agus do chathair na Gaillimhe araon.  Táim cinnte go rachaidh an comórtas seo ó neart go neart agus is léiriú í an oíche anocht ar an bpoitéinseal ollmhór le haghaidh athrú atá ann do na spásanna seo go léir ar fud na cathrach, agus tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe thar a bheith mórtasach as bheith ag tacú leis an gcomórtas seo.”
Léirigh na hiontrálacha go léir spásanna do ghnáthóga éagsúla trí phlandaí éagsúla atá neamhdhíobhálach do phailneoirí agus d’éin, locháin fiadhúlra, paistí torthaí agus glasraí agus neart spotaí a d’fheilfeadh d’ainmhithe beaga agus d’fheithidí dul i bhfolach iontu.


“Ní féidir linn beag is fiú a dhéanamh de luach na ngairdíní maidir le nideoga a chur ar fáil don dúlra, go háirithe inár spásanna uirbeacha. Maidir leis na hiontrálacha go léir, léirigh garraíodóirí go bhfuil siad ag iarraidh bithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú laistigh dár gcathair agus go bhfuil siad sásta a gceantair féin a chur in oiriúint ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht.  Cuireann an comórtas seo leis an obair mhór ar mhaithe leis an mbithéagsúlachta atá ar bun ag pobail ar fud Chathair na Gaillimhe, agus tá an Chomhairle ag iarraidh tacú leis an bpobal trí thionscnaimh bhithéagsúlachta cosúil le The Hares Corner chun meascán riachtanach nascachta a chur ar fáil don fhiadhúlra ar fud na cathrach", a dúirt an tOifigeach Bithéagsúlachta do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Paula Kearney.


Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas ar www.GalwayCity.ie/Spaces-For-Biodiversity

 

 

Scoil Íde 3rd Class with the Mayor of the City of Galway, Cllr Peter Keane