Aontaíonn na Comhaltaí Tofa Plean Infheistíochta Ardaidhme €19.5m do Chathair na Gaillimhe

Chief Executive, Mayor of the City of Galway and Director of Finance standing with Budget Book

Feictear sa bpictiúr leis an Leabhar Buiséid do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ina leagtar amach Plean Infheistíochta €19.5m do Chathair na Gaillimhe (clé–deas) Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Méara Chathair na Gaillimhe, An Comh. Peter Keane, agus Helen Kilroy, Stiúrthóir Airgeadais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

D’aontaigh Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe inniu (Dé hAoine, an 13 Nollaig 2024) togra ardaidhme de chuid an Údaráis Áitiúil maidir le €19.5m breise a infheistiú sa gcathair sna cúig bliana amach romhainn. 

 

Déantar infheistíocht faoin mbuiséad €143m i réimsí sonracha, ina measc tithíocht shóisialta agus incheannaithe a chur ar fáil; tionscadail nua maidir le gníomhú ar son na haeráide; saoráid do veaineanna campála a fhorbairt sa gcathair; láithreáin thréigthe a thabhairt ar ais in úsáid; glanadh sráideanna; scéim maidir le forfheabhsú éadanas siopaí a chur ar bun; deontais maidir le tograí feabhsúcháin áitiúla agus tionscadail pobail; agus obair chothabhála ar thithe, páirceanna, cosáin agus áiseanna poiblí.

 

D’fháiltigh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comh. Peter Keane, roimh an infheistíocht seo sa gcathair, arna rá, "Is léiriú an infheistíocht seo ar an bpleanáil atá ar bun ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le forás agus forbairt na Gaillimhe. Tugtar san áireamh seirbhísí forfheabhsaithe d’earnáil an ghnó agus d’earnáil an phobail, do mhuintir na háite agus don dá mhilliún turasóir in aghaidh na bliana a thugann cuairt ar Chathair na Gaillimhe.” 

 

Ag Cruinniú Buiséid bliantúil na Comhairle, leag an Príomhfheidhmeannach Leonard Cleary amach sraith de bhearta a mbeifear ag díriú orthu sa mbliain 2025. 

 

Áirítear orthu na máistirphleananna Spóirt agus Caitheamh Aimsire Bhaile an Rí, Lána an Mhuilleora, na Páirce Theas agus na Rinne Móire a thabhairt chun cinn go céim na dearthóireachta; ‘Plean Forbartha Ionad agus Eispéaras Turasóireachta Chathair na Gaillimhe’ agus ‘Plean Gníomhaíochta maidir le Geilleagar na hOíche’ a thabhairt i bhfeidhm’; meitheal nuacheaptha na Láithreán Tréigthe a chur i mbun feidhme; leanúint le tionscadail maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus le hInmharthanacht; agus plean forfheidhmiúcháin a leagan amach maidir le bonneagar luchtaithe Feithiclí Leictreachais Chathair na Gaillimhe a thabhairt i bhfeidhm.

 

Tá rún ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe freisin cur leis an meitheal turasóireachta, le meitheal na seirbhísí ailtireachta agus leis na meithle líne tosaigh faoin aer, ina measc na meithle a oibríonn go díreach ar glanadh sráide, ar bhóithre agus cosáin a chothabháil, ar fhéar a bhaint agus ar thithe a dheisiú. 

 

Ag an gCruinniú Buiséid bliantúil, d’aontaigh na Comhaltaí Tofa athrú ó 0.217 go 0.23 ar an Ráta Luachála Bliantúil (RLB) - tús le hathrú lena thabhairt cothrom le mórchuid an 30 údarás áitiúil eile ar fud na tíre. 

 

Deir an tUasal Cleary go bhfágann aontú Bhuiséad 2025 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an Chomhairle i riocht infheistíocht shuntasach a dhéanamh i seirbhísí bunriachtanacha poiblí agus i dtograí caipitil sna cúig bliana amach romhainn:

“Tá gá le hinfheistíocht shuntasach i ngnéithe den bhonneagar a bhfuil lorg na mblianta le braith orthu, mar shampla soilse poiblí, leithris phoiblí, cosáin agus an stoc tithíochta. Cuireann ardú ar an gcostas oibriúcháin mar gheall ar bhoilsciú, ardú tuarastail agus ardú ar chostas fuinnimh, an dualgas spriocanna inmharthanachta a shásamh agus an t-éileamh breise ar sheirbhísí a eascraíonn ó ardú an daonra leis na réimsí dúshláin a chuirtear roimh an gComhairle,” a mhínigh sé.  

 

Lean an tUasal Cleary air, “Cinnteoidh an Buiséad aontaithe seasmhacht ghnóthaí airgeadais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus cuirfear ar ár gcumas freastal don éileamh breise an tráth céanna a gcaomhnaítear an acmhainn iomaíochta agus a gcothaítear cathair bhríomhar atá faoi bhláth. Beidh toradh sofheicthe dáiríre ag an maoiniú breise i réimsí éagsúla, ina measc, glanadh sráide, boscaí bruscair, ionaid spraoi, féar a bhaint, tithe a chothabháil agus tionscadail caipitil, mar shampla Leisureland, agus Máistirphleananna Bhaile an Rí, Lána an Mhuilleora, na Páirce Theas agus na Rinne Móire”.

 

Luaigh Helen Kilroy, Stiúrthóir Airgeadais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is dea-rud an t-ardú ioncaim don bhiain 2025 atá i gceist le cinneadh na Comhairle faoi Bhuiséad 2025 agus seo an chéim tosaigh maidir le tabhairt faoin nganntanas infheistíochta sa gcathair le tamall de bhlianta anuas. Táthar ag tnúth le hoibriú leis na Comhaltaí Tofa ar bhonn ilbhliantúil i rith théarma na comhairle d’fhonn cur leis an acmhainn infheistíocht a dhéanamh sna pobail, i seirbhísí, sa mbonneagar agus i muintir na Gaillimhe, d’fhonn aidhmeanna agus acmhainn na Gaillimhe a thabhairt i gcrích go mbíonn sí ina cathair de scoth an domhain atá soicheallach agus furasta le maireachtáil inti”.