Tionscadal Athnuachana na Sráide Trasna

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal ríocht phoiblí ar an tSráid Trasna, ar an tSráid Láir, ar Bhóithrín na Bláthaí agus ar Shlí na Blátha a fheabhsú, i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha Straitéis Ríochta Poiblí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.  Ardóidh sé seo caighdeán an tsráid-dreacha agus bainfidh sé leibhéal comhsheasmhachta amach i gchur chuige an deartha.

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

An Scéim

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus le Ciste Forbartha Athnuachana Uirbí na Roinne Tithíochta, a fhógairt go bhfuil tús curtha le Tionscadal Athnuachana na Sráide Trasna.  

Tá BDP (Building Design Partnership) ceaptha ag foireann Uirbeachais agus Comhfhorbartha Áite Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ina phríomhailtire ar an bhfoireann Deartha Ildisciplínigh chun obair athfhorbartha a dhearadh ar an tSráid Trasna, ar an tSráid Láir, ar Bhóithrín na Bláthaí agus ar Shlí na Bláthaí i lár na cathrach. 

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal ríocht phoiblí na sráideanna seo a fheabhsú, i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha Straitéis Ríochta Poiblí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.  Ardóidh sé seo caighdeán an tsráid-dreacha agus bainfidh sé leibhéal comhsheasmhachta amach i gchur chuige an deartha.

Tabharfar tús áite faoin scéim freisin don tsábháilteacht do choisithe agus do rothaithe, rud a spreagfaidh aistriú módach ó úsáid carranna príobháideacha.  Cuideoidh sé sin le brú tráchta a laghdú i lár na cathrach, agus beidh daoine ábalta tairbhe a bhaint as na buntáistí sláinte a bhaineann le taisteal gníomhach mar aon le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.  Féachfar le forbairt an deartha freisin bearta breise a áireamh chun an timpeallacht a chosaint, lena n-áirítear Draenáil Uirbeach Inbhuanaithe agus Réitigh Nádúrbhunaithe, nuair is féidir.

Trí na feabhsuithe seo a dhéanamh ar líonra lár na cathrach, tacófar le cathair bheo, cuirfear feabhas ar insiúltacht lár na cathrach, cuirfear le carachtar an tsráid-dreacha, agus ceadófar eispéireas leanúnach ar shráideanna ar ardchaighdeán do chuairteoirí.  

Tá an tionscadal seo ag céimeanna luatha de chéim an deartha.  Mar chuid den chéad chéim bailithe eolais agus chun tús a chur le roghanna deartha a chur i dtoll a chéile, reáchtáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe sraith Ceardlann Rannpháirtíochta le Páirtithe Leasmhara sa Taibhdhearc, ar an tSráid Láir i nGaillimh i mí Lúnasa 2024.  Beidh an t-aiseolas a fuarthas ag na ceardlanna sin ina bhonn eolais don phróiseas deartha agus beidh tuilleadh comhairliúchán ar siúl.

Má tá aon cheisteanna nó tuairimí agat a bhaineann leis an scéim seo, téigh i dteagmháil le Foireann Uirbeachais agus Comhfhorbartha Áite Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar urbanism@galwaycity.ie nó ar 091 536400.

An aerial view of Cross Street