Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí pobail, do scoileanna agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil chun tionscadail bheaga chomhshaoil a dhéanamh d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
Is comhairlí leanaí agus óige i 31 údarás áitiúil sa tír iad Comhairle na nÓg, agus tugtar deis do leanaí agus do dhaoine óga lámh a bheith acu i bhforbairt seirbhísí agus beartais áitiúla.