Féadfaidh údaráis áitiúla póna ainmhithe a sholáthar, áit ar féidir ainmhithe móra ar strae a fhaightear ar thalamh poiblí nó príobháideach a choinneáil.
Féadfaidh údaráis áitiúla socrú a dhéanamh go ngabhfar capaill ar strae ar thalamh poiblí agus iad a thabhairt chuig póna ainmhithe le bheith faighte ar ais ag an úinéir nó le húinéir nua a fháil.
Féadfaidh údaráis áitiúla madraí ar strae a ghabháil agus iad a thabhairt chuig póna madraí le bheith faighte ar ais ag an úinéir nó le húinéir nua a fháil.
Déanann Comhairle Contae Chorcaí na héifeachtaí fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag astaíochtaí aeir ar shláinte ainmhithe ó thionscail i réigiún chuan Chorcaí a rianú, a mhonatóireacht agus a mheas.