Ní mór duit iarratas ar cheadúnas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil más trádálaí ócáideach tú agus má theastaíonn uait earraí a dhíol in áit phoiblí nó i limistéar trádála ainmnithe.
Ní mór ceadúnas bailí a bheith agat má bhainistíonn tú conchró madraí ina bhfuil 20 madra nó níos mó. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar cheadúnas bliantúil.