Léirigh suirbhé a rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe le déanaí go bhfuil fonn láidir ar thithíocht inacmhainne sa chathair. Is éard is tithe inacmhainne ann ná réadmhaoin ar ráta laghdaithe go dtí luach an mhargaidh oscailte. Tá na scéimeanna seo oscailte do cheannaitheoirí céaduaire, do cheannaitheoirí tosaithe úra agus do cheannaitheoirí incháilithe eile nach bhfuil sé d'acmhainn acu teach a cheannach ar a luach margaidh oscailte.
Glacann an tÚdarás Áitiúil (LA) sciar cothromais céatadáin sa bhaile, cothrom leis an difríocht idir luach margaidh oscailte an tí agus an praghas laghdaithe a íocadh - is é sin, má cheannaíonn duine teach ag laghdú 20% ar luach an mhargaidh oscailte, beidh sciar cothromais 20% ag an ÚÁ sa bhaile.
Léirigh 60% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu gurbh fhearr leo teach, agus léirigh 8% de na freagróirí gurbh fhearr leo árasán inacmhainne. Bhí suim ag 27% eile sa dá rogha.
Bhí formhór na bhfreagróirí ag lorg teach trí sheomra leapa (50%), agus teach dhá sheomra leapa (26%) ina dhiaidh sin.
Bhí suim i réadmhaoine in oirthear (24%) agus in iarthar (29%) na cathrach agus le 43% ag tabhairt le fios nach bhfuil aon rogha acu ar an láthair.
Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe an suirbhé ar Thithíocht Inacmhainne ar líne i R1 2024, agus rinneadh analís ar bhreis is 1,300 freagra. Tá na torthaí seo mar bhonn eolas d’fhorbairt tograí tithíochta iacmhainne sa cathair.
Tá dhá thionscadal tithíochta inacmhainne ar siúl faoi láthair. Osclaíonn an tairseach iarrtais Garraí na Sailí, Bóthar an Leitreach, Gaillimh ag 12 meánlae ar an 13 Feabhra 2025, agus beidh 8 aonad ar fáil. Chuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcompháirtíocht le Comhlacht Ceadaithe Tithíochta ar an gClaí Mór, Seanbhóthar Mhuine Mheá, an Baile Bán, Gaillimh don chéad scéim Costas ar cíos atá le seachadadh. Tá scéimeanna eile atá n-idirbheartú faoi lathair.
D’iarr os cionn 1,100 freagróir tráthnóna eolais ar thithíocht iacmhainne, a chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil ar an 25ú Samhain 2024.
Reáchtáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe seisiún faisnéis d’fhorbróirí i mí Dheireadh Fómhair 2024 freisin, agus cuireann sí fáilte roimh gach forbróir leasmhar teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag Affordablehousing@galwaycity.ie maidir le Tithíochta Inacmhainne a sholáthar.