Rotharbhealach Sealadach - Bóthar na Trá

Rotharbhealach Sealadach Bhóthar na Trá

Rotharbhealach Sealadach Bhóthar na Trá Tuairisc don Comhairle - 14 Feabhra 2022

Tuairisc Rotharbhealach Sealadach Bhóthar na Trá - Aguisíní 1 & 2 - 14 Feabhra 2022

Tuairisc Rotharbhealach Sealadach Bhóthar na Trá - Tuarascáil Comhairliúcháin Phoiblí - Aguisín 3 - 14 Feabhra 2022

Barna Greenway Preliminary Design Options Report 2017

Barna Greenway Preliminary Design Options Report Appendix A

Barna Greenway Preliminary Design Options Report Appendix B

Barna Greenway Preliminary Design Options Report Appendix C

 

Fógra Poiblí - An Tacht um Thácht ar Bhóithre, 1994

Bearta Sealadacha Beartaithe Lána Rothar/ Moillithe Tráchta ar an R336 Promanáid Rinn na Mara, An R336 Bóthar na Trá Uachtarach agus an R336 Bóthar Chnoc na Cathrach.

Fógra Poiblí De Réir an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1994 (Alt 38) arna leasú leis an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009 (Alt 46) Bearta chun seirbhísí poiblí bus a fheabhsú — bearta moillithe tráchta, Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo maidir lena rún na socruithe sealadacha lána rothar seo a leanas a sholáthar ar an R336 Promanáid Rinn na Mara, an R336 Bóthar na Trá Uachtarach agus an R336 Bóthar Chnoc na Cathrach.


Cuirfear an fhorbairt bheartaithe, atá faoi réir an fhógra Alt 38 seo, chun feidhme le haghaidh tréimhse sé mhí ag tosú i Márta 2022 go dtí Meán Fómhair 2022 agus beidh an méid seo a leanas i gceist:

  • Lána rothar sealadach 2-bhealach (In aghaidh an tsrutha) a sholáthar ar thaobh na farraige, idir an R336 Promanáid Rinn na Mara/ L-5138 Acomhal Bhóthar Grattan go dtí Túr Tumtha na Carraige Duibhe*

  • Lána rothar sealadach 1-bhealach (Amach) ar thaobh na farraige, idir an Túr Tumtha na Carraige Duibhe, agus an R336 Bóthar Chnoc na Cathrach/ an R336 Bóthar Bhearna/ an R337 Acomhal Bhóthar Bhaile an Rí*, agus

  • Bainistíocht shealadach ghaolmhar tráchta chun freastal ar na socruithe sealadacha lána rothar.

Is féidir le baill den phobal na líníochtaí a bhaineann leis an uasghrádú atá beartaithe a scrúdú idir an 14 Eanáir 2022 agus an 28 Eanáir 2022 (gach lá seachas an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí, idir 9.00 a.m. agus 4.00 iarnóin) ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

Mar gheall ar phaindéim Covid-19 ní mór coinne a dhéanamh roimh dhul chomh fada le hoifigí na Comhairle. Glaoigh ar Sheirbhísí do Chustaiméirí ag an uimhir 091 536 400 nó seol ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie
Is féidir na líníochtaí a scrúdú ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe freisin (féach thíos, le do thoil, ó 14 Eanáir 2022).

Ba cheart breathnóireachtaí agus aighneachtaí maidir leis an uasghrádú beartaithe a dhéanamh:

  • trí fhoirm ar líne (féach thíos )
  • nó i scríbhinn agus iad a sheoladh chuig: An tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Iompar, Athrú Aeráide & Timpeallacht, Áineas & Conláistí agus Seirbhísí Uisce, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
  • nó ríomhphost a sheoladh chuig activetravel@galwaycity.ie

roimh 4.00 iarnóin ar an 28 Eanáir 2022.

Sínithe:
Patrick Greene,

Stiúrthóir Seirbhísí,
Iompar, Athrú Aeráide & Timpeallacht, Áineas & Conláistí agus Seirbhísí Uisce,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 * Nuashonraithe 14.01.2022

 

Líníochtaí

Key Plan - Salthill Temporary Cycleway Key Plan

Líníocht 1  Salthill Temporary Cycleway Option 1 Cross section

Líníocht 2 Salthill Temporary Cycleway Option 1 Plans

Líníocht 3 Salthill Temporary Cycleway Option 2 Cross section

Líníocht 4 Salthill Temporary Cycleway Option 2 Plans

 

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta - Bothar na Tra

 

Aiseolas

Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh do bhreathnóireacht agus do mholtaí faoi Rotharbhealach Sealadach Bhóthar na Trá a bheartaítear.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh mar seo a leanas:


Ar líne - trí fhoirm ar líne atá ar fáil anseo (<= cliceáil chun oscailt)
Sa phost - chuig an Rannóg Iompair, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
Ar ríomhphost - chuig activetravel@galwaycity.ie


Tabhair faoi deara, le do thoil, gurb é an spriocdháta d’aighneachtaí 4.00pm Dé hAoine, an 28 Eanáir 2022.