Páirceáil agus Taistil

Féadfaidh údaráis áitiúla, in éineacht le soláthraithe iompair phoiblí, saoráidí páirceála agus taistil a sholáthar ionas gur féidir le daoine a gcarr a pháirceáil i gcarrchlós ainmnithe agus aistriú chuig iompar poiblí.

Cén uair a thosaíonn Seirbhís Páirceáil agus Taistil na Nollag?

Tosaíonn Seirbhís Páirceála agus Taistil na Nollag Dé Sathairn 14 Nollaig agus maireann sé go dtí Dé Máirt 24 Nollaig (Cuimsitheach).

Cé chomh minic a bheidh an tSeirbhís Páirceála & Taistil ar siúl i rith an lae?

Beidh na busanna ag rith gach 15 nóiméad sa dá threo ó Luan go Satharn idir 9.30 r.n agus 9.15 i.n.  Ar an Domhnach, beidh an tseirbhís á rith gach 15 nóiméad idir 11.00 r.n. agus 7.00 i.n. agus gach 30 nóiméad idir 7.00 i.n. agus 9.15 i.n. 

Cé mhéad a chosnaíonn an tSeirbhís Páirceála & Taistil?

€1 an duine an táille ar gach turas singil, tugtar suíochán saor in aisce do leanaí agus do phinsinéirí. Glactar le hairgead tirim agus le cárta.

Céard iad Buntáistí na Seirbhíse Páirceáil agus Taistil?

Cuireann an tSeirbhís Páirceála & Taistil bealach ar fáil dóibh siúd atá “ag siopadóireacht, ag ithe amuigh nó ag tabhairt cuairte ar ionaid agus imeachtaí” chun taitneamh a bhaint as bealach saor ó strus chun taisteal chuig agus ón gcathair.

Cé a chuireann an tSeirbhís Páirceáil agus Taistil ar fáil?

Is tionscnamh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é Seirbhís Páirceála agus Taistil na Nollag atá dírithe ar bhrú tráchta i gCathair na Gaillimhe a mhaolú roimh an Nollaig.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin tSeirbhís Páirceáil agus Taistil?

Tá tuilleadh sonraí faoin tSeirbhís Páirceáil agus Taistil ar fáil ó

An Rannóg Bóithre & Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh.
Teil: 091 536400
roads@galwaycity.ie 

Christmas Park and Ride 2024-6.jpg